Seanad debates

Wednesday, 14 July 2004

State Airports Bill 2004: Committee Stage.

 

11:00 am

Derek McDowell (Labour)

Ba mhaith liom cúpla focal a rá mar gheall ar an leagan Gaeilge den ainm atá ar an aerfort. In Alt 6, deir sé in the English language, Dublin Airport Authority or in the Irish language, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath. Mar atá ráite ag an Aire anois, ceapaim go mba cheart go dtabharfaí "Aerfort Átha Cliath" ar Aerfort Bhaile Átha Cliath. Ní aerfort na cathrach é ach aerfort atá suite i gContae Átha Cliath — nó i gContae Fhine Gall, mar ba cheart dom a rá. Tá sé mar sheirbhís do chuile dhuine sa chontae agus níos fuide ná sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.