Seanad debates

Wednesday, 7 July 2004

National Monuments (Amendment) Bill 2004: Report and Final Stages.

 

4:00 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Tuigimse cad ina thaobh go bhfuil daoine aireach agus cúramach faoinár n-oidhreacht náisiúnta. Ach is é an dúshlán atá romhainn go léir ár n-oidhreacht náisiúnta a chothú, ar an dtaobh amháin, agus, ar an dtaobh eile, cinntiú go mbeimid in ann dul chun cinn agus forbairt a dhéanamh ins an tír.

Is reachtaíocht faoi leith í seo agus ní Acht iomlán atá i gceist. Thug an tAire le tuiscint don Teach an lá faoi dheireadh go mbeimid ag teacht thar n-ais chuig an cheist seo níos déanaí. Baineann cuid des na rudaí atá ardaithe ag an Seanadóir Bannon leis an Acht go hiomlán seachas leis an reachtaíocht seo. Ní thógann sin ó na tuairimí atá ag an Seanadóir ach tá sé tábhachtach leanúint ar aghaidh mar tá práinn ag baint leis an reachtaíocht seo.

Bhí foireann mhór ar an mbóthar nua in aice le Caiseal Mumhain ag plé le cursaí seandálaíochta. Tá siad fós ag obair ann agus tá an-chuid dul chun cinn déanta acu. Ní féidir a rá nach bhfuilimid cúramach agus nach bhfuil na pearsana ann chun an obair a déanamh. Tá siad ann agus tá an obair á dhéanamh. Tá sé tábhachtach gan ligint don tsamhlaíocht dul thar fóir ins an chás seo.

Ní féidir le héinne samhlú go mbeadh aon Aire sásta dochar a dhéanamh do shéadchomharthaí na tíre seo. Bíonn Aire freagrach don Teach seo agus don Teach eile. Tá ciall i gceist anseo chomh maith le reachtaíocht. Caithfimid cothromaíocht a fháil idir an chiall sin agus an reachtaíocht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.