Seanad debates
Thursday, 1 July 2004
National Monuments (Amendment) Bill 2004: Second Stage.
4:00 pm
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Ar dtús, is mian liom céad míle fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Tá an díospóireacht seo thar a bheith suimiúil. Tá sí ar siúl, ní hamháin anseo i dTithe an Oireachtais ach lasmuigh chomh maith. Tugann sin dóchas dom agus cruthaíonn sé go bhfuil an-suim ag muintir na hÉireann inár n-oidhreacht náisiúnta. Sin mar ba chóir a bheith mar níl aon tír ar domhan a bhfuil oidhreacht chomh saibhir agus chomh luachmhar aici agus atá againn in Éirinn. Cabhraíonn seo linn tuiscint a bheith againn ar ár gcúlra agus tugann sé spreagadh dúinn go raibh daoine dá ghradam ann chun an oidhreacht sin a chur ar fáil duinn. Tá sé tábhachtach go bhfuil aithne agus eolas againn ar na daoine sin. Tá an-áthas orm go bhfuil an díospóireacht seo ag tarlú.
Is í an deacracht is mó atá ag an Aire agus ag an Rialtas ná cothromaíocht a chothú idir an oidhreacht náisiúnta agus dul chun cinn na tíre. Is cuma cad a dhéanfar; cáinfear an Rialtas mar an gcéana muna ndéanfar aon rud nó má dhéanfar rud éigin. Tá sé tábhachtach iarracht a dhéanamh teacht ar an socrú is fearr i gcásanna den tsaghas seo.
Sula raibh aon trácht ar an mBille seo bhí deacrachtaí sa tír maidir leis an oidhreacht náisiúnta. Luaigh mé samplaí den fhadhb seo sa Teach cheana. Bhí P. J. McCall ar dhuine des na daoine ba mhó le rá mar chumadóir agus mar fhealsúnaí. Bhí sé ina chónaí i Loch Garman agus tá na hamhráin a scríobh sé fós ar eolas agus á gcanadh ag muintir na hÉireann. Leagadh an teach inar chónaigh P. J. McCall agus ní féidir faic a dhéanamh faoi anois. Bhí teach a raibh baint ag Éamon de Valera leis i gContae Port Láirge. Cé gur teach tábhachtach agus stairiúil a bhí ann, leagadh é. Ní raibh an reachtaíocht seo ann ag an am a leagadh na tithe sin. Tháinig ceannairí 1916 le chéile in uimhir 16 Sráid Uí Mhórdha nuair a bhí deireadh á chur leis an Éirí Amach. Déanadh comparáid idir an teach seo agus an Alamo, mar shampla. Bhí sé i gceist ag Bardas Átha Cliath an teach seo a leagadh. Arís, ní raibh an reachtaíocht seo ann ag an am. Cruthaíonn sé sin go raibh rudaí ag tarlú sula raibh aon Bhille den tsaghas seo ann.
Glacaim go hiomlán go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil daoine amuigh i measc an phobail, idir dhaoine aonaracha agus dhaoine atá eagraithe, a bhíonn i gcónaí ag faire amach le cinntiú nach mbeidh aon truailliú nó damáiste déanta don oidhreacht náisiúnta. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach agus molaim na grúpaí atá ag saothrú ar an mbonn sin mar is cinnte go mbeadh damáiste déanta don oidhreacht náisiúnta ach amháin go mbíonn daoine ag faire amach an t-am ar fad. Ar an láimh eile, aontaím leis an Seanadóir Mansergh go gcaithfimid iarracht a dhéanamh cothromaíocht a fháil idir na deacrachtaí sin agus dul chun cinn ins an tír. Níor chuala mise aon socrú á mholadh ag éinne ins an Oireachtas, ins na meáin nó in aon áit eile mar leigheas ar an scéal.
Ní fhéadfadh éinne a rá agus ní feidir liom a shamhlú go mbeadh aon Aire sásta oidhreacht náisiúnta a leagadh. Ní tharlódh a leithéid. Dá mbeadh an baol sin ann bheadh díospóireacht ann, thiocfadh daoine chun tosaigh chun a rá leis an Aire nárbh fhéidir leis a leithéid a dhéanamh agus ní tharlódh sé.
Luaigh an Seanadóir Mansergh samplaí ó Chaiseal Mumhan, agus tá an ceart aige. Beidh an bóthar nua ansin á oscailt ag deireadh na bliana. Tá sé dochreidte an méid obair seandálaíochta atá déanta sa cheantar sin. Tá an bóthar agus an obair seandálaíochta ag dul ar aghaidh ag an am gcéanna.
Níl mé sásta glacadh leis go ndéanfadh an Bille seo aon damáiste. Caithfidh an Rialtas a bheith freagrach mar tá an fhreagracht ar an Rialtas féin. Tá mé lán-chinnte nach mbeadh aon Rialtas nó aon Aire ins an tír ariamh a bheadh sásta dul i gcoinne thoil an phobail maidir leis na rudaí seo. Tá cothromaíocht i gceist. Ba chóir don bhFreasúra, dúinn agus an phobal i gcoitinne bheith ag cabhrú le chéile chun an chothromaíocht sin a chothú. Tá mé lán cinnte go bhfuil éinne a labhair ar gach taobh sa Teach seo lán dáiríre faoin gceist seo agus eaglach go dtárlóidh rudaí amach anseo ach bheadh muinín agam in aon Rialtas agus in aon Aire. Glacaim go mór, áfach, leis an argóint go gcaithfimid a bheith cúramach mar níl aon rud níos tábhachtaí ná ár n-oidhreacht a bheith againn, ní amháin mar cabhraíonn sé linn ár gcine a thuiscint ach mar cabhraíonn sé linn ó thaobh turasóireachta de. Cé go mbeinn féin eaglach faoi rudaí den tsaghas seo, tá mé sásta nach ndéanfadh an reachtaíocht seo an damáiste a cheapann daoine a dhéanfaidh sé.
No comments