Seanad debates
Wednesday, 7 April 2004
CLÁR Programme: Statements.
3:00 pm
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Cuirim fáilte roimh an Aire agus é ag cur tuarascála os ár gcomhair ar an obair dhearfach atá idir láimhe againn. Éinne go bhfuil taithí aige ar an tír seo agus seans aige taistil timpeall, tá a fhios aige na torthaí atá le feiceáil ar an obair atá déanta ag an Aire. Níl aon Aire sa Rialtas a thuigeann deacrachtaí agus dúshláin an phobail chomh maith leis an Aire seo. Níl aon Aire eile a chuaigh i ngleic leis na deacrachtaí sin ar an talamh cosúil leis an Aire féin. Níl aon Aire sa Rialtas a éisteann chomh cuirtéiseach agus chomh cúramach le gach duine ar an talamh agus molaim é de bharr na hoibre sin. Tá súil agam go leanfaidh sé ar aghaidh leis an obair sin.
No comments