Seanad debates

Thursday, 4 March 2004

Motor Vehicle (Duties and Licences) Bill 2004: Committee and Remaining Stages.

 

1:00 pm

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal South West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl dos na Seanadóirí, go háirithedóibh siúd a ghlac páirt ghníomhach san díospóireacht thábhachtach seo ar An mBille um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2004. Tá an Bille seo fíor thábhachtach ó thaobh na mbóithre nach bóithre náisiúnta iad ós rud é go mbeidh níos mó ná €34 milliún breise ag an Roinn agus ag na húdaráis áitiúla tríd an tír chun caitheamh ar bhóithre nach bóithre náisiúnta iad.

Beimid ag leanacht ar aghaidh an bhliain seo chugainn agus ina dhiaidh sin, ag cur an airgid go léir atá ag teacht ó na ceadúnais seo isteach sa chiste seo fá choinne na mbóithre. Ní hé sin ant-aon airgead a bheidh le fáil. Tá an Stát, taobh amuigh de sin, ag cur airgid ar fáil chomh maith. Táimid iontach bródúil as an méid atá á chur ar fáil i mbliana agus le blianta beaga anuas go dtí seo.

Gabhaim mo bhuíochas arís leis na Seanadóirí a ghlac páirt ins an díospóireacht. Tá súil agam go mbeidh deis againn go luath chun castáil le Coimisinéir an Gharda Síochána maidir leis na daoine nach bhfuil sásta cáin gluaisteáin a íoc. Caithfear brú a chur ar an 4.5% de dhaoine nach n-íocann an cháin. Caithfimid an figiúr sin a laghdú. Má laghdófar é b'fhiú na milliúin euro breise don chiste dá bharr. Cuideoidh sé sin lenár bpleananna chun na bóithre nach bóithre náisiúnta iad a fhorbairt ins na blianta atá amach romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.