Seanad debates

Wednesday, 18 February 2004

Civil Registration Bill 2003: Committee Stage.

 

4:00 pm

Photo of Mary CoughlanMary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)

Ar dtús báire, tá rogha ag na tuismitheoirí é a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge. Seo an traidisiún atá anseo, go díreach, traidisiún atá le fáil ins na tíortha Ceilteacha agus tugaimid gach tacaíocht don teanga ar dtús báire. Cé go bhfuil an rogha ann, tá daoine ábalta an tuarascáil seo a fháil i nGaeilge agus é a dhéanamh i nGaeilge. Ar mo thuairimse ní chuidíonn sé go díreach don teanga ar dtús báire an rún seo a úsáid. Dá mbeinn ábalta é a úsáid chuirfí an-bhrú ar chúrsaí teicneolaíochta, i mo Roinn féin ar dtús báire agus ins na Ranna eile, fosta. Tá an córas teicneolaíochta in ann é a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge ach níl sé in ann é a dhéanamh dátheangach. Cé go bhfuil an rogha sin ann, ní bheidh mé ábalta an leasú seo a ghlacadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.