Seanad debates

Wednesday, 21 January 2004

Recognition of the Irish Language: Motion.

 

6:00 pm

Fergal Browne (Fine Gael)

Ó 1957 nuair a shínigh na céad bhall stáit Conradh na Róimhe, agus nuair a shínigh gach tír eile conradh aontachais ó shin, thug siad a dteangacha isteach leo, ach amháin Éire, mar theangacha oifigiúla de chuid an Aontas Eorpaigh. Sa bhliain 1972, chinnigh an Rialtas an Ghaeilge a fhágáil ar lár i bpobal faoi mhíbhuntáiste suntasach — rud náireach. Is féidir, áfach, agus is mithid an dearmad a cheartú anois. Níl aon rogha againn ach aitheantas mar theanga oifigiúil oibre a bhaint amach ar son na Gaeilge. Níl na tíortha eile san Aontas in aghaidh an aitheantais sin a bhronnadh ar an Ghaeilge. Tá deis againn, agus Uachtarántacht na hEorpa faoi stiúradh an Rialtais.

Le síniú an chonartha aontachais is déanaí, cuirfidh Éire fáilte ó 1 Bealtaine amach roimh deich mball stát nua agus naoi dteanga oifigiúil nua san Aontas Eorpach. Tá Eastóinis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Polainnis, Seicis, Slóvacais, Slóivéinis agus Ungáiris tugtha isteach le hais an 11 atá ann, sa chaoi is gur féidir 20 teanga oifigiúil oibre a bheith i gceist. Is tíortha beaga iad cuid mhór de na tíortha nua agus tá daonra níos ísle ná mar atá againn. Mar shampla, níl ach 380,000 duine ina gcónaí i Málta.

Tá an-áthas ar phobail na dtíortha nua roimh an gcinneadh mar go bhfuil buntáistí i ndán dóibh dá bharr a bhfuil drogall ar Rialtas na hÉireann a dheonú dá saoránaigh féin. Beidh deis níos fearr acu fostaíocht a lorg agus a fháil, cuirfear dlíthe an Aontais ar fáil dóibh ina dteangacha oifigiúla agus beidh fáilte roimh a dteangacha i bParlaimint agus institiúidí eile na hEorpa.

Is féidir linn stádas oifigiúil a bhronnadh ar an nGaeilge. Tá sé tábhachtach go mbeadh rogha ag na daltaí in Éireann atá ag freastal go háirithe sna Gaelscoileanna, idir bun agus meánscoileanna, timpeall na tíre fostaíocht a fháil san Aontas Eorpach. Caithfimid á dhéanamh gan mhoill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.