Seanad debates

Thursday, 11 December 2003

Address by Mr. Seán Ó Neachtáin, MEP.

 

10:30 am

Liam Fitzgerald (Fianna Fail)

Is mian liom freisin fiorchaoin fáilte a chur roimh an Fheisire inár measc. Is mian liom comhghairdeas a ghabháil leis as ucht bheith ina Bhall de Phairlimint na hEorpa le bliain go leith anois freisin. Chun an fhírinne a rá, tá clú agus cáil bainte amach aige. Dár leis na tuairiscí, bíonn sé an-ghnóthach sa Pharlaimint ar son na tíre agus ar son mhuintir Chonnachta agus Uladh. Gan dabht, bíonn cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialacha san Eoraip ag athrú i gcónaí, go mórmhór le teacht isteach na mballstát nua san Aontas Eorpach. Mar sin, tá cúpla ceist agam.

Maidir leis an mbunreacht nua – ceist a d'ardaigh Baill eile cheana féin – atá á chur le chéile nó á reachtáil i láthair na huaire, cad iad na deacrachtaí, na dúshláin agus na deiseanna is mó don tír seo i gcúrsaí eacnamaíochta, polaitíochta agus sóisialacha taobh amuigh díobh sin atá luaite ag an Fheisire? Mar a dúirt an Ceannaire agus an Seanadóir Kitt, sheas an Feisire an fód i gcónaí ar son na Gaeilge, nó ar son na Gaeltachta, mar a dúirt an Cathaoirleach. Tá díomá in Éirinn nach bhfuil stádas oifigiúil á thabhairt don Ghaeilge sa bhunreacht nua atá le cur le chéile nó á chur le chéile i láthair na huaire. Tá díomá orainne. Cad iad na cúiseanna atá taobh thiar den chinneadh sin, más cinneadh atá ann? Ní dóigh liom go bhfuil sé glactha fós, ach tá sé beagnach ina chinneadh. An féidir an cinneadh sin a athrú roimh chríochnú agus fhoilsiú an bhunreachta, mar a dúirt an Seanadóir Kitt? Munar féidir, cad ina thaobh nach féidir?

Dúirt an Feisire go raibh meas aige ar an éagsúlacht agus gurb é tríd an éagsúlacht a thiocfadh an t-aontas. An measann sé go bhfuil go leor measa againn in Éirinn ar an éagsúlacht? Cad é a thuairim faoi sin? Rinne Ball eile tagairt don chumhacht nó tionchar atá ag an Fheisire mar Bhall de Phairlimint na hEorpa. Is Pairlimint an-mhór í. Cad é tuairim an Fheisire faoin tionchar sin? An bhfuil go leor tionchair aige mar Bhall Eorpach?

Gabhaim mo bhuíochas leis an Fheisire aríst. Mar fhocal scoir, is mian liom rá go bhfúil súil agam go n-éireoidh go geall leis sa toghchán mór atá os a chomhair amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.