Seanad debates
Thursday, 11 December 2003
Address by Mr. Seán Ó Neachtáin, MEP.
Mar fhocal scoir, ba mhaith liom lua go bhfuil tábhacht mhór ag baint le caomhnú ár gcultúir agus ár dteanga. Tá sé soiléir in Eoraip an lae inniu go bhfuil meas ar an éagsúlacht. Go deimhin, tá sé luaite i réamhrá an dréacht-chonartha gurb é tríd an éagsúlacht sin a thiocfas an t-aontas. Ba chóir dhúinn díriú ar an mana sin chun ár dteanga dúchais, an Ghaeilge, a chur ar chomhchéim le teangacha eile na hEorpa. Tá deis iontach againn é sin a dhéanamh agus muid i gceannas Uachtaránacht na hEorpa ón chéad lá den bhliain seo romhainn. Léireoidh sé sin don Eoraip, ach go háirithe do na tíortha atá ag teacht isteach, go bhfuil meas ar an éagsúlacht chultúrtha atá á éileamh acu le fada agus iad tár éis cinntiú go mbeidh a gcuid teangacha féin in úsáid go forleathan san Aontas méadaithe.
No comments