Seanad debates

Wednesday, 3 December 2003

Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.

 

10:30 am

Photo of Brendan RyanBrendan Ryan (Labour)

Níl mé ar lorg ceartúcháin Gaelainne. Tá mé ar lorg béasanna, ní cheacht. Níl integration idir na seirbhísí reigiúnda agus Aer Lingus. Ó tharraing Aer Lingus amach as Corcaigh, má fhéachann duine ar a shuíomh Idirlín, de réir na cosúlachta níl sé in ann éitilt go haon áit as Corcaigh ach amháin na háiteanna go bhfuil seirbhísí díreacha chucú mar ní aithníonn sé a thuilleadh go bhfuil ceangal aeir idir Chorcaigh agus Baile Átha Cliath. Má iarrann duine ar Aer Lingus éitilt ó Chorcaigh go Nua Eabharc, deir an aerlíne go bhfuil na héitleáin uilig lán agus ní fíor sin. Tá Aer Arann ag cur seirbhíse ar fáil ach níl aon integration idir Aer Lingus agus Aer Arann so fágtar daoine den tuairim nach féidir éitilt ó Chorcaigh. Ceist pholasaí atá ansin.

Tá an Aontas Eorpaigh ag athrú agus tá Malta ag teacht isteach. Tá daonra níos lú a labhrann teanga Malta mar ghnáth-theanga go rialta ná mar atá ag labhairt na Gaelainne anseo ach beidh Maltese ina theanga oifigiúil san Aontas Eorpaigh. Tá sé in am dúinn stádas na Gaelainne san Aontas Eorpaigh a athrú mar cailleadh an argóint a bhí ina choinne – nach bhfuil go leor daoine á labhairt. Anois tá pobal níos lú ná pobal na Gaelainne sa tír seo ag fáil an chirt go n-aithneofaí a dteanga. Ba chóir go n-aithneofar teanga na tíre seo fosta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.