Seanad debates
Wednesday, 3 December 2003
Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.
Ag díriú isteach ar théacs an Bhille anois, is foráil chaighdeánach í an fhoráil léiritheach atá in alt 1. Leagtar amach ann na sainmhínithe atá in úsáid sa reachtaíocht, mar shampla, ciallaíonn "oileán" oileán áirithe de chuid an Stáit. Maidir le "comhsheirbhís paisinéirí bus agus oileáin" a leagtar síos an bhrí de in alt 2, go bunusach séard atá i gceist na seirbhís bus do phaisinéirí a chuirtear ar fáil mar chuid de chonradh farantóireachta nó aeir idir oileáin áirithe agus an mhórthír.
No comments