Seanad debates
Tuesday, 24 June 2003
Arts Bill 2002: Second Stage.
2:30 pm
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Is mian liom fáiltiú roimh an Aire. Ní foláir ná go bhfuil a lán cloiste aige faoin am seo ach tá mé cinnte nach ndeachaigh bodhaire Uí Laoghaire i bhfeidhm air agus go bhfuil sé ag iarraidh an bóthar a leagadh amach ar son na n-ealaíon. Le cúnamh Dé éireoidh leis. Bheadh an-díomá orm dá mba rud é nach raibh na healaíona traidisiúnta i gceist ansin.
No comments