Seanad debates

Tuesday, 27 May 2003

Criminal Justice (Illicit Traffic by Sea) Bill 2000: Second Stage.

 

Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do na Seanadóirí, ach go háirithe dóibh siúd a ghlac páirt san díospóireacht tábhachtach seo – don Leas-Chathaoirleach agus do na Seanadóirí Terry, Tuffy, Breathnach agus Kitt. Ar ndóighe, tá a fhios agam go bhfuil an Teach seo beagnach críochnaithe leis an Dara Céim, agus tár éis na Céim an Coiste agus na Tuarascála, ní fada go mbeidh an Bille seo réidh agus go mbeidh na daoine siúd atá i mbun na seirbhísí seo ábalta dul i mbun oibre agus gach deis a ghlacadh. Beidh sé deacair deireadh a chur le ceist na ndrugaí, ach, ar ndóighe, beidh siad ábalta dul ar na báid amuigh faoin chósta, agus beidh sé sin ag cuidiú leis na daoine óga atá ag baint úsáide as na drugaí, chomh maith lena dtuismitheoirí agus a dteaghlaigh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.