Seanad debates

Wednesday, 21 May 2003

Rural Development Policy: Statements (Resumed).

 

10:30 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Fáiltím roimh an Aire. Bhí sé anseo ag labhairt ar an ábhar seo agus bhí an-díospóireacht againn an lá sin. Tá an-áthas orainn anois go bhfuil sé in ann teacht thar n-ais chun labhairt linn arís. Níl aon-amhras faoi ná go bhfuil an-bhéim ar an ábhar seo le cúpla bliain anuas agus tá an-chuid díospóireachta faoi agus as an díospóireacht sin, tá meon dearfach ag teacht ar mhuintir na tuaithe agus cad é tá ag teastáil uathu maidir le hinfrastructúr de. Ní raibh éinne sa díospoireacht sin a bhí níos dearfaí ná an tAire Stáit féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.