Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

10:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá nóta anseo faoin Sceideal agus freagróidh sé an cheist go cuimsitheach. Sé an aidhm atá ag fómhíreanna (1) go (5) an Chéid Sceidil ná meicníocht a chur ar fáil chun scóip an Bhille a leathnú amach anseo chuig earnálacha, seachas an earnáil phoiblí, a sholáthraíonn sheirbhísí go díreach don phobail – na bainc, cuideachtaí arachais, cuideachtaí teileachumarsáide agus mar sin. Beimid ag plé sin ar ball agus nuair a thiocfaimid go dtí sin, feicfidh an Seanadóir go bhfuil freagra don cheist sa Chéad Sceideal. Beimid ag teacht ar ais le leasú teicniúil air seo ar Chéim na Tuarascála.

Glacaim leis an gceist mar tá an líne a bhíodh ann idir seirbhísí poiblí agus seirbhísí príobháideacha ag athrú de shíor sa tír seo. Tá páirtnéireachtaí agus fo-eagraíochta atá ag soláthar seirbhísí don Stát ann agus tá méadú mór ar eagraíochtaí deonacha fosta. Tá an sceideal ann leis sin ar fad a chuimsiú. Ní chuirfidh seo isteach ar an ghruaigeoir áitiúil, ní bheidh air plean a réitiú, tá na réimsí móra i gceist anseo.

Ba mhaith liom féin an t-atmasféar a fheiceáil ag athrú. Sé mo thaithí féin ná cibé áit a théim sa nGaeltacht gur labhartar Gaeilge liom ach lena cheartú do mhuintir Chonnemara, ní smaoiním go rachfaidís isteach i bpub ag labhairt Béarla le muintir an tí i bhfíorGhaeltacht Chonnemara mar ní shin an nós atá againn mar phobal.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.