Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

Seo ceist airgid. Má leanfaidh cúrsaí mar sin sna Gaeltactaí, caillfidh siad dea-thoil middle Ireland a cheapann go bhfuil rud éigin faoi leith sna Gaeltachtaí a tharraingíonn don áit iad. Tá daoine ann a dhéarfadh gurbh é ceann de na fáthanna go bhfuil Corca Dhuibhne ag tarraingt isteach níos mó cúirteoirí ná áiteacha eile atá chomh hálainn ná go bhfuil Gaelainn ann agus go gceapann daoine go bhfuil rud eile ann seachas an áilleacht agus an fharraige. Is fíor Gaeltacht í fós ach d'fhéadfadh duine dhul isteach i siopa in Iarthar Dhuibhne gan a bheith cinnte go gcloisfeadh sé Gaelainn. Tá daoine cosúil liom féin ann a bhfuil taithí acu cé acu siopa nó pub gur féidir Gaelainn a úsáid agus siopa nach fiú mar má labharann sé Gaeilge, ligeann siad orthu nach dtuigeann siad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.