Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

10:30 am

Photo of Brendan RyanBrendan Ryan (Labour)

B'fhéidir go mbeidh an tAire ábalta a mhíniú dom conas gur féidir an dá fhealsúnacht a chur le chéile. Tá athrú bunúsach curtha isteach in ionad alt 8 agus anois tá próiseas fada ann le "seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht poiblí a chur i láthair trí mheán na Gaeilge amháin, trí mheán an Bhéarla amháin agus trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla araon". Má tá eagraíocht poiblí ceadaithe a chuid ghnó iomlán a dhéanamh trí Bhéarla, níl ach seafóid sa reachtaíocht go mbeidh air an dá theanga a úsáid ar aon staisiúineoireacht. Cad is brí le gesture politics den saghas seo, nuair a thabharfaimid an cead dó gnó a dhéanamh trí Bhéarla amháin ach ar an dtaobh eile a rá leis go bhfuil air an dá theanga a úsáid ar an staisiúineoireacht? Tá mé den dearcadh go dtugann a leithéid lip service don Ghaelainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.