Seanad debates
Tuesday, 25 March 2003
Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Bill 2003: Second Stage (Resumed).
Is léir go bhfuil go leor le déanamh ag gach éinne agus is tús maith leath na hoibre. Tá a fhios agam go mbeidh díospóireacht fada againn maidin amárach maidir leis an Bhille seo. Is é tuairim an Rialtais ná go bhfuil tacaíocht iomlán tabhartha ó 1997 go dtí daoine a bhfuil míbhuntáistí acu, mar shampla pinsinéirí. Tá an chéad chéim de polasaithe an Rialtais le feiceáil sa Bhille seo. Tá súil agam, ag eirí as an cúig bhliain a bheidh agam sa Roinn, le cúnamh Dé, go mbeidh an Rialtas ábalta na polasaithe seo a chuir i gcrích. Nuair a smaoinaíonn duine ar an méid atá déanta cheana agus an méid atá le déanamh, beidh an tacaíocht soiléir le feiceáil nuair atá téarma an Rialtais críochnaithe. Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí uilig.
No comments