Seanad debates

Friday, 21 March 2003

10:30 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit. Bhí mé ana tógtha leis an méid a bhí le rá aige. Tá fhios agam go bhfuil an trua agus an trócaire go smoir ann, nuair a deir sé rud go gcreideann sé rud agus go bhfuil sé ag iarraidh bheith cabhrach.

Tá sé thar a bheith soiléir le roinnt mí anuas go bhfuil an dá thuairim ann maidir leis an gceist seo, ní amháin san Oireachtas, ach ar na sráideanna freisin. Admhaíonn an Rialtas sin, agus go pointe fáiltíonn sé roimh an dá thuairim. Tá an t-ádh linn go bhfuil seans againn é a phlé, ár dtuairimí a chur amach go hoscailte agus iad a mheas agus féachaint an bhfuil aon tslí gur féidir linn, mar thír beag ach mar seannáisiúin, cabhair agus treoir a thabhairt. Is cuma cé chomh lag is a bheidh an guth sin, tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil seans againn é a úsáid.

I welcome the Minister of State, whom I admire greatly for his stance on many human rights issues. When it comes to understanding human nature and taking a stand for humanity, he has always been exceptionally courageous.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.