Seanad debates

Thursday, 6 March 2003

Death of Former Member: Expressions of Sympathy.

 

10:30 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Ó bheith ag éisteacht anseo inniu is léir go bhfuil fear mór an chultúir Ghaelaigh imithe ar shlí na fírinne, fear mácánta, uasal agus díograsach. Bhí sé de phribhléid agamsa é a bheith mar chara agam le breis agus 30 bliain. Más féidir rud a rá faoi Shéamas de Brún seachas aon rud eile, is féidir a rá go raibh uaisleacht aige. Bhí sé i gcónaí ag iarraidh cairdeas a chothú i measc daoine ach, chomh maith leis sin, chaith sé a shaol ag saothrú an chultúir.

Mar a luaigh an Ceannaire, maraíodh Bríd, a bhean céile, roinnt bhliain ó shin. Bhí mé ag feitheamh thuas i mBéal an Átha ag an am nuair a tháinig an scéal gur maraíodh í ar an mbóthar. Ó shin i leith bhí Séamus uaigneach agus brónach ach, mar sin féin, lean sé ar aghaidh leis an obair go dtí an lá deireannach. Bhí sé ag cruinniú linn sa chomhaltas timpeall trí seachtain ó shin agus cé go raibh sé ina nóchaidí ag an am bhí sé chomh bríomhar agus chomh beomhar agus a bhí ariamh maidir leis an obair sin.

Fuair sé trí ghradam ina shaol. Fuair se gradam an Oireachtais, gradam an Phiarsaigh agus gradam an chomhaltais. Bhí se mar uachtarán ar an gcomhaltas agus go dtí lá a bháis bhí sé mar iontaobhaí ar an gcomhaltas freisin. Bhí sé ar choiste an Oireachtais, chaith sé tréimhse ar chomhairle Raidió na Gaeltachta agus, ar ndóigh, chaith sé tréimhse sa Seanad.

Go dtí an nóiméad deireannach níor chaill sé ariamh an dóchas a bhí aige maidir leis an nGaeilge. Ba scoláire é den scoth. Tá roinnt mhaith scríbhinní aige agus tá eolaire ar an nGaeilge scríofa aige. Bhí sé ina mhuinteoir Gaeilge agus is minic a chas mé le scoláirí a thug sár-chreidiúint do Shéamas go raibh grá acu féin don nGaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.