Seanad debates

Thursday, 6 March 2003

Death of Former Member: Expressions of Sympathy.

 

10:30 am

Photo of Brendan RyanBrendan Ryan (Labour)

Níor labhras Béarla ariamh le Séamus de Brún a fhad is a bhíomar sa Tigh seo le chéile go ceann sé bhliain, nó níos mó. Pé uair a labhramar le chéile, agus ba mhinic sin, ba i nGaelainn a labhramar. Ba dhuine é, mar adúirt an Seanadóir Ross, a chuaigh i bhfeidhm ar gach éinne. Cé go raibh a fhios againn go léir na préamhacha polaitíochta a bhí aige agus cé go raibh sé dílis dóibh, bhí a fhios againn go léir nár tharraing sé an pholaitíocht isteach in áiteanna nach raibh oiriúnach di agus gur thuig sé go raibh rudaí ann sa saol go raibh suim againn go léir iontu. Bhí an-shuim agam féin agus ag an iar-Sheanadóir i gcónaí in amhránaíocht ar an sean nós. Sin, mar a deirtear sa Bhéarla, minority taste, má bhí ceann ann ariamh, cé go bhfuil sé ag leathnú faoi láthair. B'shin rud a tharraing le chéile sinn, é sin agus an Ghaelainn agus an ceol.

Nuair adúirt an Ceannaire go raibh sé imithe as an Teach le 15 bhí sé deacair a thuiscint go raibh sé imithe chomh fada san. Bhí tionchar chomh mór san aige orainn agus ormsa, gur cheapas go raibh sé anseo i bhfad níos congaraí don am seo. Duine é a raibh aithne agus meas agam air. Ba mhinic nár aontaíomar lena chéile ach níor thiteamar amach ariamh, ar cheist pholaitíochta nó aon rud eile.

Tá fíor bhrón orm go bhfuil sé imithe uainn. Ar mo shon féin agus ar son Pháirtí an Lucht Oibre guím solas na bhFlaitheas air agus déanaim comh-bhrón lena chlann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.