Seanad debates

Thursday, 5 December 2002

National Spatial Strategy: Statements.

 

Photo of Pat GallagherPat Gallagher (Donegal South West, Fianna Fail)

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Tá áthas orm an deis seo a fháil teacht go dtí an Teach chun labhairt ar an straitéis spáisiúil náisiúnta. Ar ndóigh, tá luas na forbartha in Éirinn le deich mbliain anuas suntasach ach tá an dul chun cinn tar éis a bheith míchothram. Tá roinnt limistéir ag forbairt ar bhonn níos tapúla ná limistéirí eile. Tá barraíocht forbartha agus brú tráchta i roinnt áiteanna agus gan morán dul chun cinn ná forbairt in áiteanna eile.

Déanfaidh an straitéis spáisiúil náisiúnta cur chuig an nua don phleanáil le haghaidh fhorbairt na tíre amach anseo ar leibhéal náisiúnta, réigiúnda agus áitiúil. Is é atá sa straitéis ná frámaíocht pleanála 20 bliana don tír uilig.

Tá daonra an Stáit ag dul i méid. Ní mór dúinn tús a chur le pleanáil go straitéiseach anois le haghaidh daonra atá ag dul i méid de leath mhilliún duine thar na 20 bliain atá amach romhainn agus leis an bhféidireacht go bhféadfadh sé ardú i bhfad níos mó ná sin thar tréimhse 20 bliain. Tá áthas faoi leith orm nach bhfuil dearmad déanta ar an nGaeltacht sa phlean. Tá sin le feiceáil go soiléir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.