Seanad debates
Wednesday, 9 October 2002
Sub-Committee of the Committee on Procedure and Privileges: Motion.
2:30 pm
Labhrás Ó Murchú (Fianna Fail)
Tá áthas dáiríre orm go bhfuil an díospóireacht seo ag tárlú. Nuair a bhí díospóireacht againn ar an ábhar seo cheana tháinig smaointí dearfacha chun tosaigh ach níor tharla aon rud ina dhiaidh sin. Tá dífríocht ann anois mar tagann an rún seo ó choiste atá tábhachtach cheana féin agus atá lárnach don struchtúr féin.
Ní aontaím le mo chara atá díreach tar éis labhairt nuair a deir sé nach bhfuiltear ag súil le morán, mar ceapaim go bhfhéadfaimís a lán a dhéanamh.
Tá díomá orm mar cé go bhfuil an díospóireacht thar a bheith spreagúil, go bhfuil sé teoranta agus dírithe ar an módh toghcháin atá againn anois. Tá i bhfad níos mó ná sin i gceist, maidir le hath-struchtúrú an tSeanaid. Ins na laethanta atá romhainn tá súil agam go mbeidh sé ar ár gcumas an díospóireacht a leathnú amach.
Tá an chuid rudaí maithe le feiceáil sa tuarascáil a foilsíodh ag an gcoiste a bhí ag plé na gcúrsaí seo. Ach foilsíodh an tuarascáil díreach comhgarach don toghchán agus is beag díospóireacht a deineadh air. Cosúil le han-chuid tuarascál eile tá eagla orm go bhfágfar an ceann seo ar leataobh, cé gur caitheadh an-chuid ama agus an-chuid airgid air.
Tá mé dóchasach toisc go bhfuil an díospóireacht ag tarlú go luath i saol an tSeanaid agus toisc go bhfuil aird an tSeanadóra Uí Ruairc dírithe ar an ábhar seo. Dá bhrí sin beidh treoir le fáil againn agus tá súil agam go bhféadfaimís tosú ar an mbonn dearfach seachas ar an mbonn dúltach.
I compliment the Leader and the Cathaoirleach in being so expeditious in bringing forward this debate.
No comments