Results 1-20 of 20 for in 'Dáil debates' segment:8857315
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Patrick O'Donovan: Gabhaim buíochas leis na Teachtaí a ghlac páirt sa díospóireacht. Is mian liom freagra a thabhairt ar pointe nó dhó. Ar an gcéad dul sios, beidh mo Roinn ag cur thart ar €500,000 breise ar fáil i mbliana ar mhaithe le scoláireachtaí breise a chur ar fáil do dhaltaí scoil a fhreastalaíonn ar na cúrsaí...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Mattie McGrath: Níl Gaeilge fhlúirseach agam ach déanaim mo dhícheall í a úsáid i gcónaí. Gabhaim buíochas freisin leis na múinteoirí agus na boird bhainistíochta sna naíonraí, sna Gaelcholáistí agus sna Gaelscoileanna. Bhí mé i gCarraig na Siúire Déardaoin seo caite agus tháinig an tAire...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Catherine Connolly: Táim ag tnúth leis an lá nach mbeidh gá le ráitis Ghaeilge, go mbeidh an Ghaeilge fite fuaite i ngach mír de ghnó na Dála agus go mbeidh Dáil dhátheangach nádúrtha againn. Chuige sin, bhí sé de phribhléid agam a bheith mar chathaoirleach ar fhochoiste an bhliain seo caite. Chuir muid le chéile tuarascáil...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Brian Leddin: Ag an am seo gach bliain, cuirim romham cúpla rud a rá faoi Sheachtain na Gaeilge. Sna blianta roimhe seo, labhair mé go díreach ar ábhair a bhain leis an nGaeilge í féin, ach anuraidh bheartaigh mé cur síos a dhéanamh ar mo chuid oibre trí Ghaeilge. Is innealtóir mé a ceapadh mar chomhairleoir tar éis toghcháin don...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Aindrias Moynihan: Ar an gcéad dul síos, díreoidh mé isteach ar chúpla rud dearfacha atá ag teacht chun cinn ó thaobh cúrsaí teanga de, ina measc an obair mhór atá ar siúl ag na hoifigigh pleanála teanga agus iad ag díriú isteach ar thorthaí ar leith. Dár ndóigh, tá an t-ádh linn go bhfuil Eibhlín Ní...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Carol Nolan: Tá áthas orm an deis seo a fháil chun ráiteas a dhéanamh maidir leis an nGaeilge. Ar dtús, gabhaim buíochas leis na heagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge atá ag déanamh sárobair chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír seo. Tá TG4 ag déanamh obair den chéad scoth chomh maith. Tá an Ghaeilge...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Paul Murphy: Labhair mé cúpla uair sa Teach seo maidir leis an éileamh do pholasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt, mar atá á mholadh ag an bhfeachtas Gaeilge4All. Ní hamháin nach bhfuil dul chun cinn ar siúl, ach tá rudaí ag dul in olcas. Bhain an Roinn...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Ruairi Ó Murchú: Táim an-sásta labhairt inniu maidir le Seachtain na Gaeilge agus táim chun an rud a deirim gach bliain a rá, is é sin nach gcleachtaim í minic go leor ach go mbeidh níos mó cleachtadh á dhéanamh agam as seo amach. Táim lándáiríre faoi an uair seo. Táim ag caint liom féin faoi sin. Caithfidh mé é a...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Marc Ó Cathasaigh: Táimid ar ais arís bliain amháin eile le haghaidh ráitis ar Sheachtain na Gaeilge. Ar thaobh amháin, caithfidh mé a admháil go bhfuil frustrachas orm a bheith páirteach sa set-piece seo bliain i ndiaidh bliana ina seasaimid anseo agus muid ag moladh shuaitheantas cultúrtha ár dteanga dhúchais chun go bhfaighfimid tic sa bhosca sula...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Pa Daly: Coicís ó shin, bhuaileamar le mic léinn taobh amuigh de na geataí anseo. Bhuaileamar le Bláithín Nic a' tSithigh agus a comhghleacaithe in Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Bhí siad i mbun agóide taobh amuigh de Theach Laighean mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a choinneáil beo laistigh de pholasaí...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Mark Ward: Tá mé ríméadach an deis seo a fháil chun labhairt ar Sheachtain na Gaeilge. Níl mé líofa agus ní raibh mo chlann líofa sa Ghaeilge nuair a tógadh mé. Ceann de na cinntí is fearr a rinne mé ná mo pháistí a sheoladh chuig Gaelscoil. Sheol mé iad chuig Gaelscoil na Camóige i gCluain Dolcáin....
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Gary Gannon: I am delighted to be given the chance to speak during Seachtain na Gaeilge despite my shortcomings with our native language. I was not as brave as Deputy Ward today. It is something I do regret and I hope this will be the last time there will be a Social Democrat here who will not be talking in their native tongue this week and during the Dáil term. I will put forward the views of...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Éamon Ó Cuív: Fearaim fáilte roimh an Aire Stáit anseo tráthnóna. Is maith an rud é go bhfuilimid ag plé na ceiste seo ach, ar bhealach, is é an rud a gcaithfimid a bheith aireach faoi ná go bpléifimid an cheist seo uair amháin sa bhliain agus ansin go gcuirimid ar leataobh é. Leanann an polasaí agus forbairt pholasaí ar aghaidh chuile...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Pearse Doherty: Tá an Teachta Ó Snodaigh tar éis na bhfadhbanna móra agus an ganntanas infheistíochta ón Rialtas seo ó thaobh cúrsaí teanga, cúrsaí Gaeltachta agus cúrsaí oideachais le blianta beaga anuas a chur i láthair. Mar urlabhraí airgeadais, déileálaim leis an cháinaisnéis achan bhliain agus tá a fhios...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Mairead Farrell: Is maith an rud é go bhfuil cúrsaí Gaeilge á bplé againn anseo inniu ach ní féidir cúrsaí Gaeilge a phlé gan cúrsaí Gaeltachta a phlé. Ba mhaith liom guth agus glór a thabhairt do ghrúpa pobalbhunaithe atá tar éis teacht le chéile i gConamara chun díriú ar chúrsaí tithíochta....
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Aodhán Ó Ríordáin: Is féidir a rá go bhfuil na cainteoirí diúltach ach is féidir linn a bheith diúltach ó am go chéile agus muid ag caint faoi stádas na Gaeilge sa tír seo. Ba mhaith liom a bheith beagáinín níos dearfaí, áfach. Táim lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus, chuile oíche, téim amach ar na doirse i mo...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Patrick O'Donovan: Mar Aire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, fáiltím roimh an deis labhairt sa Dáil le linn Seachtain na Gaeilge faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is pribhléid dúinn é sa tír seo go bhfuil ár dteanga dúchais againn. Mar a deir an tAire, an Teachta Martin, tá mórán scéimeanna á riar ag ár Roinn...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Aengus Ó Snodaigh: Don chéad uair le fada an lá, tá breis is 2 mhilliún duine in Éirinn anois a deir go bhfuil Gaeilge acu. Tá breis agus 160,000 Gaeilgeoirí anseo san ardchathair, agus don chéad uair riamh, tá ár gcomhairle cathrach tar éis cruinniú a reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge. Is mór an trua nach dtarlaíonn a...
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
- Seachtain na Gaeilge: Ráitis (6 Mar 2024)
Catherine Martin: Mar Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, fáiltím roimh an deis labhairt inniu i nDáil Éireann, go háirithe agus muid ag cur tús le Seachtain na Gaeilge 2024. Is seoid í ár dteanga. Chun beocht a choimeád inti, ní mór dúinn, mar ionadaithe poiblí, í a labhairt. Le...