Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Catherine ConnollySearch all speeches

Results 15,121-15,140 of 32,916 for speaker:Catherine Connolly

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (17 Dec 2019)

Catherine Connolly: Bheadh sé suimiúil fáil amach cé mhéad oifigeach atá an teastas acu, agus cén chaoi gur féidir leis na finnéithe tuilleadh daoine a mhealladh chun an teastas sin nó cibé scrúdú eile a dhéanamh.

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (17 Dec 2019)

Catherine Connolly: Bhí mé díreach chun ceist a chur maidir leis an nGarda. An bhfuil gardaí ag foghlaim trí Ghaeilge i dTemplemore? An bhfuil cúrsa ar fáil trí Ghaeilge ansin?

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (17 Dec 2019)

Catherine Connolly: An bhfuil aonad nó cúrsa faoi leith ar fáil nó an bhfuil chuile gharda á dhéanamh?

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (17 Dec 2019)

Catherine Connolly: Tá an tUasal Ó Cearúil ar an gcoiste idir-rannóg ar son na Roinne.

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (17 Dec 2019)

Catherine Connolly: Cén sórt ionchur atá aige agus ag an Roinn ó thaobh cur chun cinn na straitéise? Cén rudaí atá siad ag díriú isteach orthu? Cén sórt díospóireacht a bhí ag an gcoiste maidir leis an mBille nua agus na rudaí a bheidh ag teastáil?

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (17 Dec 2019)

Catherine Connolly: Sin an rud ar a bhfuil mé ag díriú isteach. Bhí na ceannteidil sin i bhfad níos láidre ná an Bille i ndáiríre. Tá an Bille níos laige ná na ceannteidil. Nuair a tháinig na ceannteidil os comhair an choiste, cad a dúirt sé faoi na dúshláin a bhain leis an sprioc sin a bhaint amach? An raibh plean i gceist?...

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (17 Dec 2019)

Catherine Connolly: Tuigim é sin. Bhí gá le réamhobair. Bhí sé soiléir do gach Roinn go mbeadh an riachtanas 20% seo ag teacht isteach agus gur chóir pleananna a leagan amach maidir leis an gcaoi ar féidir an sprioc sin a bhaint amach chomh sciobtha agus is féidir.

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (17 Dec 2019)

Catherine Connolly: Níl mé ag caitheamh anuas ar an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ach táim ag cur ceist ar do Roinn féin maidir leis na pleananna atá aici. Luaitear 2% den fhoireann agus is iontach an rud go bhfuil rudaí déanta aici-----

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (17 Dec 2019)

Catherine Connolly: Tá mo dhóthain ráite agam. An bhfuil an tUasal Ó Cearúil críochnaithe? Tá. Níl le déanamh agam anois ach mo bhuíochas a ghabháil leis na hUasail Ó Cearúil agus Ó Suilleabháin agus Nollaig shona a ghuí orthu. Tá an cruinniú inniu beagnach críochnaithe anois go dtí tar éis na Nollag. ...

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (17 Dec 2019)

Catherine Connolly: Ní hamháin nach bhfuil sé foirfe ach i mo thuairim is céim chun cúil é mar tá sé i bhfad níos laige ná na ceannteidil. Tá gá leis an sprioc 20% agus le spriocdháta agus sprioc-am ón tús, agus níl siadsan le feiceáil in aon áit. Ba chóir go mbainfeadh na spriocanna seo le poist arduithe céime...

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (17 Dec 2019)

Catherine Connolly: Tá sé ráite go mion minic go poiblí againn nach rabhamar ró-radacach ó thaobh na moltaí. Bhíomar ag iarraidh a bheith réasúnta agus praiticiúil de réir na fianaise a tháinig os ár gcomhair maidir le géarchéim na Gaeilge. Tá mo dhóthain ráite anois. An bhfuil sé sin aontaithe? Tá sé.

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Seirbhísí trí Ghaeilge (Atógáil): Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (17 Dec 2019)

Catherine Connolly: Ag an bpointe seo, gabhaim buíochas leis an bhfoireann uile as ucht a gcuid oibre, leis na hUasail Curry, Ó Cruadhlaoich agus Ní Shuilleabháin. Beimid ar ais arís agus tá an comhchoiste curtha ar athló anois go dtí an 28ú lá de mhí Eanáir den bhliain seo chugainn.

Ceisteanna Eile - Other Questions: Acht na dTeangacha Oifigiúla (12 Dec 2019)

Catherine Connolly: Gabhaim míle buíochas leis an Aire Stáit. Faraor, leanann an dráma ar aghaidh. Níl an Bille le foilsiú inniu ach go luath - amárach nó an tseachtain seo chugainn. Tuigim go bhfuil a lán oibre déanta ag an Aire Stáit agus go n-oibríonn sé go crua ach d'fhoilsigh an coiste ár dtuarascáil i mBealtaine 2018. Roimhe...

Ceisteanna Eile - Other Questions: Acht na dTeangacha Oifigiúla (12 Dec 2019)

Catherine Connolly: Fós tá beagáinín neamhchinnteacht i gceist. Táim ag glacadh leis go mbeidh sé foilsithe amárach agus go mbeidh sé os comhair na Dála an tseachtain seo chugainn don Dara Céim. Tá ráflaí ann go bhfuil an Bille thar a bheith lag. Níl mé ró-tógtha le ráflaí ach táim ag éisteacht le daoine...

Ceisteanna Eile - Other Questions: Acht na dTeangacha Oifigiúla (12 Dec 2019)

Catherine Connolly: 9. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cad é stádas Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017; cén dáta a fhoilseofar an Bille; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [51989/19]

Ceisteanna Eile - Other Questions: Acht na dTeangacha Oifigiúla (12 Dec 2019)

Catherine Connolly: Mar is eol don an Aire Stáit, tá dráma Bille na dTeangacha Oifigiúla ar siúl ar feadh breis agus bliain anois. An bhféadfadh an Aire Stáit cinntiú go bhfoilseofar an Bille inniu?

Written Answers — Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: European Capital of Culture (12 Dec 2019)

Catherine Connolly: 23. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht the number of times the legacy committee of Galway 2020 has met; the progress made in securing long-term arts infrastructure for the county; and if she will make a statement on the matter. [51991/19]

Written Answers — Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: European Capital of Culture (12 Dec 2019)

Catherine Connolly: 32. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht further to Parliamentary Question No. 38 of 12 June 2018, the steps she has taken to ensure that a circus (details supplied), which is due to play a critical role in a showpiece event of the Galway 2020 European Capital of Culture celebrations, will not close; and if she will make a statement on the matter. [51993/19]

Written Answers — Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Aerfoirt Réigiúnacha (12 Dec 2019)

Catherine Connolly: 25. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht an stádas agus sonraí, an praghas san áireamh, an chonartha maidir le ceannach Aerfort na Mine i gContae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [51990/19]

Written Answers — Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht: Interdepartmental Committees (12 Dec 2019)

Catherine Connolly: 42. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht the status of the interdepartmental committee on the islands; the consideration given to having island communities directly represented on the committee; and if she will make a statement on the matter. [51992/19]

   Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Catherine ConnollySearch all speeches