Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Dinny McGinleySearch all speeches

Results 1,361-1,380 of 3,831 for speaker:Dinny McGinley

Caomhnú agus Forbairt na Gaeilge (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: Ní aontaím leis an Teachta nach bhfuil an Rialtas agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag déanamh obair an-thábhachtach ar mhaithe leis an Ghaeltacht agus ar mhaithe leis an Ghaeilge. In ainneoin na ndeacrachtaí eacnamaíochta atá againn i láthair na huaire, tá an Roinn ag cur €60 milliún in aghaidh na bliana ar fáil le tacaíocht a thabhairt do scéimeanna sa...

Caomhnú agus Forbairt na Gaeilge (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: Beidh áthas ar an Teachta a chloisint go bhfuil scéim tacaíochta teaghlaigh beagnach críochnaithe againn. Beidh an scéim á láinseáil againn taobh istigh de cúpla seachtain. Tabharfaidh sí tacaíocht do theaghlaigh a thoilíonn a gclann a thógáil le Gaeilge, ní ar scoil ach sa bhaile ón am a thagann an páiste ar an saol. Tá sé an-gaolmhar leis an scéim atá acu sa...

Clár Rannach (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta gur thóg an Rialtas cinneadh ar 7 Feabhra 2012 go ndéanfar Bille Gaeltachta 2012 a dhréachtú mar thosaíocht. Mar atá molta faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30, tá sé beartaithe faoin mBille Gaeltachta go mbeidh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha, mar a bhí go dtí...

Clár Rannach (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: Tá sé ar intinn againn roinnt ceantar a phiocadh amach agus scéimeanna phíolótacha a chur i bhfeidhm. Tá Foras na Gaeilge chun dul ag plé le ceantair a n-aithnítear go bhfuil an Ghaeilge le feiscint agus le cloisint iontu go soiléir. Tá feidhmeannaigh ó Fhoras na Gaeilge ag déanamh teagmhála le roinnt ceantar den chineál sin chun an chur chuige seo a chur i bhfeidhm. Aontaím...

Clár Rannach (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: Mar a dúirt mé, tá an oiread sin acu ann agus chonaic mé le mo shúile agus chuala mé le mo chluasa daoine as gach páirt den tír. Tá aitheantas ann go bhfuil ceantair ann atá an-láidir, cuid acu sna cathracha, b'fhéidir anseo i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre. Ní bheadh sé ceart ag an pointe seo aon cheann ar leith a fhógairt go dtí go mbeidh na comhráití a bheidh...

Clár Rannach (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: D'fhéadfá a rá go bhfuil sé. Tá seans ag gach duine. Braitheann sé ar na daoine iad féin. Má léiríonn siad go bhfuil suim acu sa Ghaeilge agus go bhfuil an Ghaeilge á labhairt ina ceantar, níl fáth ar bith nach dtabharfaí aitheantas dóibh. Tá an ceart ag an Teachta.

Straitéis 20 Bliain (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhir 61 agus 81 le chéile. Bhí dhá chruinniú ag an Choiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht go dtí seo, ceann ar 14 Aibreáin 2011 agus ceann eile ar an 19 Bealtaine 2011, ón uair gur athbhunaíodh é faoi chathaoirleacht an Taoisigh. Leagadh clár oibre sonrach amach de thoradh na gcruinnithe sin agus tá mo Roinnse ag feidhmiú dá réir ó...

Straitéis 20 Bliain (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: Ní shílim go bhfuil traidisiún nó nós ann, nó go bhfuil sé fiú amháin dleathach, go ndéantar miontuairiscí de Choistí Rialtais a fhoilsiú. Ní shílim go dtarlaíonn sé sin. Bhí dhá chruinniú an-thábhachtacha ag an choiste Rialtais nuair a tháinig an Rialtas isteach in Oifig. Bhí siad an-thábhachtach mar gur leagadh síos ag an chomhchoiste sin an obair a bhéadh ar...

Straitéis 20 Bliain (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: B'fhéidir nár bhuail an comhchoiste le chéile ach ní hionann sin agus a rá nach bhfuil an obair ag dul ar aghaidh

Straitéis 20 Bliain (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: Tá an t-Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, an Teachta Deenihan, ina shuí im aice. Tá suíochán aige sa Chomh-aireacht. Tá mise anseo mar Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeltacht air. Tá ár gcuid oifigí in aice a chéile ar an urlár chéanna agus bímid ag plé na gcúrsaí seo lá in ndiaidh lae, fiú amháin maidin inniu.

Straitéis 20 Bliain (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: An dá uair sin rinneadh amach clár oibre-----

Straitéis 20 Bliain (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: -----agus táimíd ag cloí leis an chlár oibre. Cén mhaith a bheith ag bualadh nuair atáimíd ag dul ar aghaidh leis an chlár oibre? Beimid ag bualadh arís nuair a bheidh an clár oibre críochnaithe agus is dóiche go mbeimid ag fáil chlár oibre eile.

Straitéis 20 Bliain (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: Is é an príomh rud anois ná an straitéis agus an Bille Gaeltachta. Nuair a bheidh sé sin déanta rachaimíd ar aghaidh le tuilleadh oibre, ach sin an príomh rud i láthair na huaire.

Straitéis 20 Bliain (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: Tá Bille ag teacht os comhair an Tí, don chéad uair le 50 bliain. Tá an Teachta Kitt anseo níos faide ná mise agus ní fhaca sé Bille Gaeltachta ariamh. B'fheidir, beannacht Dé leis, go bhfaca athair an Teachta Bille Gaeltachta. Ní fhaca éinne eile sa Teach seo Bille Gaeltachta. Is rud stairiúil é seo. Don dara huair ó bunaíodh an Stát tá Bille Gaeltachta ag teacht...

Seachtain na Gaeilge (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: Is féile idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge a reáchtáiltear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn, anseo in Éirinn agus - tá áthas orm a rá - thar lear. Tá an fhéile, atá eagraithe ag Conradh an Gaeilge, ag ceiliúradh 110 bliain ar an bhfód i mbliana agus beidh na céadta imeachtaí á reáchtáil ar fud na cruinne...

Seachtain na Gaeilge (6 Mar 2012)

Dinny McGinley: Aontaím leis an Teachta - ní dóigh liom go bhfuil cúis imris eadrainn ar chor ar bith - gur cóir go mbeadh níos mó Gaeilge le cloisint. Beidh Gaeilge sa Teach le linn Seachtain na Gaeilge. Aontaím gur cóir go mbeadh muid ag plé ábhar eile seachas Seachtain na Gaeilge agus an Ghaeltacht trí mheán na Gaeilge. Níl aon leithscéal againn. Tá an trealamh comhfhuaimneach anseo....

Written Answers — Airport Development Projects: Airport Development Projects (29 Feb 2012)

Dinny McGinley: My Department has retained consultants to undertake the next step in the process of developing terminal buildings at the airstrips on Inishbofin and Cleggan in County Galway. This includes the detailed design and costing for the project. It is envisaged that this stage will be completed by April 2012.

Seanad: Seirbhísí Cúirteanna (29 Feb 2012)

Dinny McGinley: Thar ceann an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Seanadóir as an ábhar seo a tharraingt aníos ar dhíospóireacht ar an Athló agus gabhaim buíochas leis as rún a chur thíos i dteanga na muintire a bhfuil sé ag labhairt ar a son. Deirim sin ní amháin mar Aire Stáit ach mar fhear Ghaeltachta mé féin. Mar a thuigfidh an Seanadóir,...

Seanad: Seirbhísí Cúirteanna (29 Feb 2012)

Dinny McGinley: Is cinnte go gcuirfeadh sé isteach orainn go léir dá mbeadh gearradh siar suntasach ar sheirbhísí Gaeilge. Aon áit a bhfuil éileamh orthu is ceart go mbeidh siad ar fáil, cé acu atá sé sa Ghaeltacht nó taobh amuigh, agus tá a fhios againn go mbíonn éileamh ar sheirbhísí cúirte trí Ghaeilge fiú lasmuigh den Ghaeltacht. Tá athbhreithniú ag dul ar aghaidh agus na pointí...

Written Answers — Foras na Gaeilge: Foras na Gaeilge (28 Feb 2012)

Dinny McGinley: Aithnítear go mbaineann tábhacht nach beag le nuálaíocht i réimse na teicneolaíochta faisnéise chun an Ghaeilge a fhorbairt don aonú haois is fiche. Dá réir sin, tá dul chun cinn mór déanta ag Foras na Gaeilge sa réimse seo le blianta beaga anuas. Mar shampla, bhí ról lárnach ag Foras na Gaeilge i bhforbairt na dtionscadal seo a leanas: § Bunachar náisiúnta téarmaíochta...

   Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Dinny McGinleySearch all speeches