Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Dinny McGinleySearch all speeches

Results 1,181-1,200 of 3,831 for speaker:Dinny McGinley

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Sílim go bhfuil Bille na Gaeltachta ag díriú isteach ar sin, agus an straitéis 20 bliain chomh maith. Is é an aidhm agus an cuspóir atá leis an straitéis ná go mbeidh 250,000 sa bhliain ag labhairt na Gaeilge go laethúil agus go dtiocfaidh méadú 25% ar an líon daoine a bhíonn ag labhairt na Gaeilge go laethúil taobh istigh den Ghaeltacht. Tá sé mar chroí lár sa Bhille atá...

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Bím sásta bualadh leis na heagrais Gaeilge aon uair. Aon uair a thagann iarratais isteach ó na heagrais Gaeilge bím sásta bualadh leoBhuail mé le go leor acu ó ceapadh im Aire Stáit mé. An tseachtain seo chaite bhuail mé le ceann des na príomh eagrais Gaeilge. Tá cur agus cúiteamh agus caidreamh agus cumarsáid eadrainn go rialta, go seachtanúil agus uaireanta go laethúil....

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 6, 13, 38 agus 39 le chéile. Is sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-30 atá polasaí an Rialtais maidir le caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge leagtha amach. Tá sé ráite i gclár an Rialtais 2011-16 go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don straitéis agus go ndéanfaidh sé na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh. Tá...

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Mar is eol don Teachta agus na Teachtaí ar fad, tá ábhair machnaimh sna tuairiscí atá curtha ar fáil maidir le labhairt na Gaeilge sna Gaeltachtaí. Tá 97,000 duine ina gcónaí sna Gaeltachtaí i láthair na huaire. Sa daonáireamh is déanaí, dúirt 23,000 dóibh go labhraíonn siad an Ghaeilge go laethúil. Mar sin, tá fadhb ann. Cuireadh an fhadhb céanna, a bhí soiléir i...

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Is cinnte nach bhfuil aon cheist thíos faoin ábhar seo, faoi phearsa ar bith. Ach mar sin féin, ba mhaith liom an oiread seo a rá. Tá aithne agam ar Dhónall Ó Cnáimhsí. Tá a fhios agam go bhfuil sé ag obair agus gur garraíodóir éifeachtach é. Ní raibh a fhios agam gur cuireadh aon litir amach chuige go dtí gur tháinig sé agus gur labhair sé liom. Rinne mé...

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Is ar Údarás na Gaeltachta atá feidhmeanna fiontraíochta sa Ghaeltacht. Nuair a bhéas an Bille reachtaithe leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh na ndualgas sin. Chomh maith leis sin, beidh ról lárnach ag an údarás ins an straitéis 20 bliain agus i bpleanáil na limistéirí pleanála Gaeltachta. Maidir leis na teorainneacha, an uair dheireannach a leagadh síos...

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tá an daonlathas ann ar fud na tíre. Níl mise mar Aire Stáit ach ar feadh bliana agus tuigim nach bhfuil aon ról agamsa nó ag aon Aire sa tír seo cur isteach ar imeachtaí fhoireann na Roinne. Baineann sé sin go huile agus go hiomlán le bainistíocht na Roinne. Nuair a bhéas an Teachta Ó Dochartaigh mar Bhall den Teach chomh fada agus atá mise agus má bhíonn sé d'ábhar a...

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tá an Teachta lán le hypocrisy-----

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Hypocrite.

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Níl meas dá laghad ag an Teachta ar mhuintir na Gaeltachta seachas teacht isteach anseo agus caoineadh ar a son. Rinneamar níos mó ar son na Gaeltachta le 30 bliain anuas ná a dhearna Sinn Féin le 100 bliain. Loit siad agus scrios siad an Ghaeltacht agus chuir siad deireadh le turasóireacht sa Ghaeltacht, agus anois tagann an Teachta Ó Dochartaigh isteach anseo ag caoineadh ar son...

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Ná bí ag teacht isteach anseo ag caoineadh.

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Hypocrite den chéad scoth é an Teachta, an hypocrite is mó a tháinig isteach anseo riamh - the biggest hypocrite that ever came down those steps, Piaras Ó Dochartaigh, agus do mhuintir atá i do chuideachta.

Íocaíochtaí Deontas (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Mar a thuigeann an Teachta, socrófar an soláthar airgid a bheidh ar fáil do mo Roinnse in 2013 i gcomhar leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar chuid den phróiseas meastacháin níos faide anonn sa bhliain. Is i gcomhthéacs an phróisis sin a dhéanfar cinntí sonracha maidir leis an mbealach is fearr le freastal ar na héilimh éagsúla atá ar mo Roinnse, lena...

Íocaíochtaí Deontas (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: B'fhéidir go ndúirt mé cheana é, ach beidh 19 ceantair pleanála teanga sna Gaeltachtaí ar fad. Beimid ag súil go mbeidh gach deis ag gach ceantar acu sin plean forbartha teanga a dhéanamh amach. Táimid ag brath ar na comharchumainn agus na heagraíochtaí sna Gaeltachtaí chun tosaíocht agus ceannródaíocht a thabhairt do seo. Táimid ag brath ar ghnáth phobal na Gaeltachta...

Íocaíochtaí Deontas (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Maidir leis an Teachta a luaigh an Teachta Tóibín, sílim go bhfuil an Teachta Tóibín ag glacadh an rud adúirt sé as comhthéacs ar fad. Labhair an Teachta san Ghaeilge, ach d'admhaigh sé nach bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige. Tá sé mar ionadaí do cheantar Gaeltachta agus tá sé á dhéanamh go héifeachtach chomh maith. Chomh fada agus a bhaineann sé liom féin, is é an...

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. Le linn 2011, thug oifigigh mo Roinnse faoi chéim an bhunaithe den straitéis inar díríodh ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil. Le linn na bliana seo, tugadh tús áite do dhréachtú Bhille na Gaeltachta 2012....

Seanad: Industrial Development (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Ar dtús, ba mhaith liom a rá go bhfuil an freagra atá agam i nGaeilge, ach cuirfear cóip i mBéarla chuig an Seanadóir maidin amárach.

Seanad: Industrial Development (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as deis a thabhairt dom an t-ábhar seo a thógáil sa Seanad. Tuigtear dom go bhfuil an comhlacht atá lonnaithe sa mhonarcha atá i gceist ag an Seanadóir chun é a thabhairt suas ar 19 lúil 2012. Is monarcha í seo a tógadh i lár na seachtóidí, sula raibh go leor den reachtaíocht atá againn sa lá atá inniu ann maidir le sláinte agus...

Seanad: Industrial Development (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: I reassure the Senator once more that his views will be conveyed to Údarás na Gaeltachta. Every job located in a Gaeltacht is important. I have been to the Gaeltacht in Meath on a number of occasions and hope to be there in the not-too-distant future. At the meeting on Friday, this matter will be on the agenda of Senator Ó Domhnaill and Mr. Cathal Seoighe, whom I know Senator Byrne...

Written Answers — Offshore Islands: Offshore Islands (17 Jul 2012)

Dinny McGinley: My Department understands that Donegal County Council has now located a preferred site for the development of a helipad on Toraigh island and that it is in the early stage of the design process. My Department has not yet received an application for funding for this project from Donegal County Council. However, I can assure the Deputy that any such application will be considered positively,...

   Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Dinny McGinleySearch all speeches