Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Dinny McGinleySearch all speeches

Results 1,161-1,180 of 3,831 for speaker:Dinny McGinley

Written Answers — Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht: Seirbhísí Farantóireactha (18 Sep 2012)

Dinny McGinley: Bhí cruinniú ag an gcoiste monatóireachta do sheirbhísí iompair chuig na hOileáin Árann leis an Roinn ar 3 Feabhra 2012 agus arís ar 7 Meán Fómhair 2012. Níl dáta deimhnithe don chéad chruinniú eile ach tá sé i gceist go mbeidh cruinniú den choiste monatóireachta ann ar a laghad dhá uair sa bhliain.

Written Answers — Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht: Scéimeanna Teanga (18 Sep 2012)

Dinny McGinley: Tógfaidh mé Ceisteannan Uimhir 936, 937 agus 938 le chéile. Tá seacht scéim teanga (idir céad scéimeanna agus dara scéimeanna) daingnithe agam faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go dtí seo i mbliana. Ciallaíonn sé seo go bhfuil 108 céad scéim teanga san iomlán aontaithe ón uair gur...

Written Answers — Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht: Air Services Provision (18 Sep 2012)

Dinny McGinley: Following receipt of planning permission, consultants retained by my Department are undertaking the next step in the process of developing terminal buildings at the airstrips referred to by the Deputy, with the tender documents for the construction phase currently being prepared.

Written Answers — Irish Language: Irish Language (19 Jul 2012)

Dinny McGinley: The Irish language has been promoted on an all-island basis by Foras na Gaeilge, which is an agency of An Foras Teanga, since the establishment of the North-South Implementation Bodies under the British-Irish Agreement Act 1999. For example, Foras na Gaeilge advertises its schemes, provides educational and recreational resources and engages in corpus planning on an all-island basis. In...

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Committee and Remaining Stages (19 Jul 2012)

Dinny McGinley: Ar a laghad, tá deis agam cúpla focal a rá faoin Bhille stairiúil seo, Bille na Gaeltachta, an chéad Bhille Gaeltachta a tugadh isteach sa Teach seo ó thug Risteárd ó Maolchatha isteach an chéad Bhille Gaeltachta i 1956. Is fada atá muintir na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge ag fanacht le Bille eile Gaeltachta. Tá an Bille á thabhairt isteach mar go dtuigeann muid go bhfuil...

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Committee and Remaining Stages (19 Jul 2012)

Dinny McGinley: Whether it was Bille na dTeangacha Oifigiúla nó ag leibhéal na hEorpa, thug muid i gcónaí tacaíocht don Rialtas, cé go raibh muid thall ansin. Ní dhearna sé aon difríocht, thug muid an tacaíocht i gcónaí ón taobh sin den Teach. Mheas muid i gcónaí go raibh an teanga ró-thábhachtach le scoilteadh uirthi. Cuireann sé isteach orm mar dhuine a bhfuil meas agam ar an teanga,...

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Committee and Remaining Stages (19 Jul 2012)

Dinny McGinley: The Dáil is where we settle and debate matters and enact legislation. It is not the venue for street politics.

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Committee and Remaining Stages (19 Jul 2012)

Dinny McGinley: We had enough street politics in this country for many years. All we want now is to settle our differences in this Chamber. It is very difficult to settle any differences when one is obliged to speak to empty benches on the other side of the House. I do not believe that what has happened here this morning does any great service to the Gaeltacht or to the ordinary people who live there. The...

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Committee and Remaining Stages (19 Jul 2012)

Dinny McGinley: Those who walked out may be listening to what we are saying. It is a great pity they walked out and I hope I will never again experience anything like it. It is more a reflection on Members of the Opposition than Members on the side. We want to man the benches. We fought hard to get here and we want to occupy the benches while we are here. In the past, we were tempted to walk out but we...

Gaeltacht Bill 2012 [Seanad]: Committee and Remaining Stages (19 Jul 2012)

Dinny McGinley: Mar fhocal scor, gabhaim buíochas le gach duine, le hoifigigh na Ranna atá anseo agus leis na hoifigigh eile a thug tacaíocht agus cuidiú dom leis an mBille. Gabhaim buíochas leis na daoine a chuir isteach moltaí, le Coimisiún na Gaeltachta, leis an suirbhé teangeolaíochta agus le héinne a thug cuidiú nó comhairle dúinn maidir leis an mBille. Tá áthas orm go bhfuil an Bille...

Written Answers — Clár Tacaíochta Teaghlaigh: Clár Tacaíochta Teaghlaigh (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Ar an 26 Aibreán 2012, d'fhógair mé an Clár Tacaíochta Teaghlaigh a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Faoin gClár seo, tá mo Roinnse ag tógáil 12 beart ar leith chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a...

Written Answers — Oideachas Tríú Leibhéal: Oideachas Tríú Leibhéal (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tá maoiniú gur fiú beagnach €7m i bhfoirm cúnaimh reatha agus €1.35m i bhfoirm cúnaimh caipitil curtha ar fáil faoi scéimeanna mo Roinnse le haghaidh oideachais tríú leibhéil sa Ghaeltacht san iomlán ó 2007 i leith. Cuimsítear sa chúnamh seo na hionaid Ghaeltachta ar fad atá faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a fheidhmíonn faoi Ollscoil na hÉireann,...

Written Answers — Oifig an Choimisinéara Teanga: Oifig an Choimisinéara Teanga (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 15 agus 45 le chéile. D'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go raibh cinneadh tógtha feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go raibh an cinneadh sin le cur i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tógadh an cinneadh sin mar chuid de Phlean Athchóirithe an Rialtais...

Written Answers — Straitéis 20 Bliain: Straitéis 20 Bliain (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 16 agus 27 le chéile. Tá struchtúir ar leith bunaithe chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a sheachadadh agus eagraítear cruinnithe, de réir mar is gá, faoi na struchtúir éagsúla, lena n-áirítear Coiste Rialtais, grúpa oifigeach sinsearach, grúpa idir-Rannach agus grúpaí ardleibhéil. Maidir leis an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an...

Written Answers — Scéimeanna Teanga: Scéimeanna Teanga (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tá trí scéim teanga daingnithe agam faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtí seo i mbliana. Ciallaíonn sé seo go bhfuil 107 scéim teanga san iomlán, a chlúdaíonn 192 comhlacht poiblí, daingnithe ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm. De réir fhorálacha an Achta, tá feidhm ag scéim teanga ar feadh tréimhse trí bliana ón uair a dhaingnítear í nó go...

Written Answers — Acht na dTeangacha Oifigiúla: Acht na dTeangacha Oifigiúla (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin poiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, fuarthas timpeall 1,400 freagra ar shuirbhé maidir le seirbhísí trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí, chomh maith le 260 aighneacht ó hiliomad páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí eile, eagraíochtaí Gaeilge agus...

Written Answers — Maoiniú Scoileanna Gaeltachta: Maoiniú Scoileanna Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Ceadaíodh deontas arbh fhiú €70,000 é d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i mí na Samhna 2011 i leith tréimhse 6 mhí ó Nollaig 2011 go deireadh mí na Bealtaine 2012. Tá €11,898 den deontas sin fós le híoc. Chomh luath is a chuirtear cuntas críochnúil don tréimhse iomlán sin faoi bhráid mo Roinne - ar cuireadh fios air ar an 29 Meitheamh 2012 - beifear in ann gníomhú...

Written Answers — Múnla Nua Maoinithe: Múnla Nua Maoinithe (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Is é Foras na Gaeilge atá i mbun na hoibre a bhaineann le cuíchóiriú a dhéanamh ar a chuid eagraíochtaí bunmhaoinithe. Tá an obair seo ar siúl ag Foras na Gaeilge faoi réir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas. Ag an gcruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar an 9 Iúil 2012, rinne Foras na Gaeilge cur i láthair don Chomhairle inar tugadh léargas ar an dul chun cinn...

Written Answers — Deontais faoi Údarás na Gaeltachta: Deontais faoi Údarás na Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Foilsítear an t-eolas uile atá iarrtha ag an Teachta i dtuarascáil bhliantúil agus cuntais Údaráis na Gaeltachta a leagtar os comhair Thithe an Oireachtais gach bliain.

Written Answers — Comhrar Naíonraí na Gaeltachta: Comhrar Naíonraí na Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tá an t-eolas maidir le líon na bpáistí a d'fhreastail ar naíonraí agus ar naíolanna Gaeltachta atá cláraithe le Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo. do na blianta 2008 – 2012 agus an figiúr measta don bhliain 2013 léirithe sna táblaí thíos. Naíonraí 2008 2009 2010 2011 2012 2013 (Meastachán) 930 934 927 934 931 940 Naíolanna 2008 2009 2010 2011 2012...

   Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Dinny McGinleySearch all speeches