Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Dara CallearySearch all speeches

Results 1,101-1,120 of 16,746 for speaker:Dara Calleary

Ceisteanna Eile - Other Questions: Scéimeanna Tacaíochta (10 Jul 2025)

Dara Calleary: Tuigim go mór cé chomh tábhachtach is a bhí scéim na mbóithre áise le haghaidh mhuintir na Gaeltachta. Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht a cheiste fúithi. Mar a bhí luaite sa fhreagra i mí an Mhárta 2025, tá scéim na mbóithre áise curtha ar fionraí le roinnt blianta anuas. Faoin scéim sin,...

Ceisteanna Eile - Other Questions: Scéimeanna Tacaíochta (10 Jul 2025)

Dara Calleary: Tá obair bhunúsach déanta ag m’oifigigh sa Roinn. Tá muid ag scrúdú na meicníochta a bheidh muid in ann úsáid chun cuidiú leis na bóithre sin, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu ar na bóithre sin nó a úsáideann iad le haghaidh obair feirmeoireachta. Mar a dúirt mé,...

Ceisteanna Eile - Other Questions: Scéimeanna Tacaíochta (10 Jul 2025)

Dara Calleary: Nuair a thiocfaidh Roinn na Gaeltachta go dtí an Roinn caiteachais phoiblí, is é sin an rud a bheidh muid ag déanamh. Is mian linn go mbeidh deiseanna breise ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus muintir na n-oileán. Tá sé tábhachtach go mbeidh na deiseanna breise sin ar fáil do mhuintir na Gaeltachta amháin agus go mbeidh siad in ann...

Ceisteanna Eile - Other Questions: Stádas na Gaeilge san Eoraip (10 Jul 2025)

Dara Calleary: Tacaíonn mo Roinn le raon tionscnamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga oibre agus oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh agus chun a chinntiú go mbeidh soláthar leanúnach de dhaoine leis na cáilíochtaí agus scileanna cuí ar fáil do na seirbhísí teanga lena dtacaítear le húsáid na teanga in...

Ceisteanna Eile - Other Questions: Stádas na Gaeilge san Eoraip (10 Jul 2025)

Dara Calleary: Aontaím go mór leis an Teachta go bhfuil sár-iarracht ar bun, go háirithe le haghaidh na nGaeilgeoirí sa Bhruiséil. Is iontach a fheiceáil, in gach cathair san Eoraip, agus níos faide i gcéin, go bhfuil muintir na Gaeilge beo agus ag úsáid Gaeilge. Go háirithe sa Bhruiséil, tá dream iontach inti atá ag baint a...

Ceisteanna Eile - Other Questions: Foras na Gaeilge (10 Jul 2025)

Dara Calleary: Gabhaim buíochas leis an mbeirt Teachta as sin. Tá sé an-tábhachtach dúinn teacht ar réiteach ach ní bheidh sé éasca. Nílim ag cur an mhilleáin ar aon duine go pearsanta. Tá na hoifigigh i mo Roinn ag obair go crua agus go dícheallach le hoifigigh na Roinne sa Tuaisceart. Tá siad fós ag déanamh na hoibre sin....

Ceisteanna Eile - Other Questions: Foras na Gaeilge (10 Jul 2025)

Dara Calleary: Bíonn slite eile ann i gcónaí. Táim ag coimeád súil ghéar ar an bhfadhb seo agus tá mo chuid oifigeach ag obair go dian leis na hoifigigh sa Tuaisceart. Comhoibríonn na hoifigigh sin an-mhaith le chéile. Beimid ag coimeád súile air sin. Caithfimid airgead breise a fháil. Táim chun é sin a phlé leis an Aire...

Ceisteanna Eile - Other Questions: Community Development Projects (10 Jul 2025)

Dara Calleary: I thank the Deputy for her question. Community centres are the cornerstone of community life in towns and villages around the country. The Government recognises the very important role these centres play in bringing people together and facilitating community services and events. Since its establishment in 2022, the community centres investment fund, CCIF, has provided some €110...

Ceisteanna Eile - Other Questions: Community Development Projects (10 Jul 2025)

Dara Calleary: I agree with the Deputy. Where we can colocate community facilities, it is much better for everybody. It is a more cohesive community. I know the Minister, Deputy Foley, who has responsibility under the building blocks scheme, has also expressed an interest in working with the Minister of State, Deputy Buttimer and myself on this. To come back to Deputy McGreehan, as I said, over...

Ceisteanna Eile - Other Questions: Foras na Gaeilge (10 Jul 2025)

Dara Calleary: Is í mo Roinn féin, thar ceann Rialtas na hÉireann, agus an Roinn Pobal ó Thuaidh thar ceann Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann a chómhaoiníonn an Foras Teanga Thuaidh-Theas, ina gcumasctar Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. Cuireann Rialtas na hÉireann 75% den bhuiséad Fhoras na Gaeilge ar fáil go bliantúil agus...

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions: Forbairt na Gaeilge (10 Jul 2025)

Dara Calleary: Gabhaim buíochas leis an Teachta. Tabharfar aitheantas faoi Acht na Gaeltachta, 2012 do líonraí Gaeilge ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna líonraí éagsúla i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga fhorordaithe. Tá Foras na Gaeilge freagrach faoi Acht na Gaeltachta as tacaíocht a thabhairt...

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions: Forbairt na Gaeilge (10 Jul 2025)

Dara Calleary: Gabhaim buíochas leis an Teachta agus tréaslaím go mór leis an obair atá ar siúl i gCill Dara faoi láthair agus le blianta anuas. Tá mé buíoch dó, dá athair agus don ghrúpa atá ag obair leo, as an obair sin. Mar is eol dó, bunaíodh Cill Dara le Gaeilge i 2014 agus tá mo Roinn ag cur maoiniú ar...

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions: Forbairt na Gaeilge (10 Jul 2025)

Dara Calleary: Tá an t-uafás oibre ar siúl i ngach cuid den tír. Tá 36 grúpa bainteach leis an nGaeilge i ngach cuid den oileán ag an bpointe seo, ní hamháin i gCill Dara. Tá naoi grúpa ann in áit a bhfuil líonra Gaeilge ann. Táimid ag obair le gach ceann de na grúpaí sin faoi chúrsaí airgeadais agus faoi...

   Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Dara CallearySearch all speeches