Results 7,761-7,780 of 13,291 for speaker:Joe McHugh
- Other Questions: Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (9 May 2018)
Joe McHugh: Tá mé ag labhairt fadúda an athbheochan ag teacht agus bhí an Teachta ag labhairt fadúda an éileamh agus cúrsaí mar sin agus seirbhís a bheith ar fáil trí Ghaeilge sna Ranna difriúil. Sin an fáth a bhímid ag obair ar an bplean gníomhaíoch cúig bliana.
- Other Questions: Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe (9 May 2018)
Joe McHugh: Ar an dara hábhar maidir leis an gcruinniú a eagrú bheinn sásta é sin a dhéanamh, agus chomh maith leis sin, táim i gcónaí ag labhairt leis na daoine atá lonnaithe ar na hoileáin agus níl sé ceart go mbeadh imní ar na daoine agus dá mbeadh imní ar na daoine, bheinn sásta é sin a dhéanamh. An...
- Other Questions: Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe (9 May 2018)
Joe McHugh: Tá deontais éagsúla ceadaithe ag mo Roinn thar na blianta don togra atá luaite ag an Teachta. Idir na blianta 2001 agus 2006, ceadaíodh deontais de luach €217,666 chun réamhthuarascáil a ullmhú maidir le forbairt na cé. Sa bhliain 2008, cheadaigh mo Roinn deontas €240,185 chun a chumasú do Chomhairle Chontae Dhún na...
- Other Questions: Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe (9 May 2018)
Joe McHugh: Tá iontas orm faoi sin, chun a bheith ionraic. Dá mbeadh iarratas istigh i mo Roinn, agus mura bhfuil na sonraí agamsa, níl é sin i gceart. B'fhéidir go bhfuil an t-iarratas istigh sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, níl a fhios agam. B'fhéidir go bhfuil na rudaí istigh i mo Roinn féin: níl sé ar mo bhord féin....
- Other Questions: Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe (9 May 2018)
Joe McHugh: Maidir leis an gcéad ábhar, bheinn sásta an fiosrúchán a dhéanamh, agus tiocfaidh mé ar ais gan mhoill. Maidir leis na bóithre áise, an cheist bhreise, an bhfuil an Teachta chun imeacht-----
- Other Questions: Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe (9 May 2018)
Joe McHugh: Maidir leis na bóithre áise, táimse i gcónaí agus beidh mé i gceann leath uair ag labhairt le mo chuid oifigeach, agus táim ag amharc go dtí an t-am a bheidh cuidiú fa dtaobh na bóithre áitiúla áise fosta. Chomh maith leis sin tá éileamh bearna mhór maidir leis na rudaí LIS agus na bealaí nó na...
- Other Questions: Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe (9 May 2018)
Joe McHugh: Tá dhá seirbhís aeriompar de ardchaighdeán fóirdheonaithe ag mo Roinn, seirbhís faoi oibleagáid, seirbhísí poiblí a fhreastalaíonn ar Oileáin Árainn, Contae na Gaillimhe agus seirbhís ingearán do Thóraí, Contae Dún na nGall le linn an gheimhridh. Maidir le seirbhís ar Oileáin Árainn,...
- Other Questions: Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe (9 May 2018)
Joe McHugh: Níl mé ábalta labhairt faoin gcomparáid mar ba é an chéad am a chonaic mé an seirbhís agus an ardchaighdeán ná nuair a tháinig mise isteach i 2014 mar Aire Stáit ar son na Gaeltachta. Roimhe sin agus go dtí seo, bhí mé agus tá mise i gcónaí i mbun labhartha le na daoine lonnaithe ar an oileán, mar...
- Priority Questions: Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (9 May 2018)
Joe McHugh: Ba mhaith liom ar dtús m'aitheantas a ghabháil chuig an Teachta fa choinne an tiomantas agus an iarracht ar son an ábhair seo thar na blianta. Mar is eol don Teachta, is é ar mo Roinnse atá an fhreagracht uileghabhálach chun cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse...
- Priority Questions: Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (9 May 2018)
Joe McHugh: Aontaím leis an tábhacht a ghabhann leis seo. Bhí mise i m'Aire Stáit in 2014 nuair a tháinig an cheist suas maidir leis an Straitéis 20 Bliain agus bhí sé i gceist ag an am sin amharc go dtí plean cúig bliana. Tá mise sásta leis an bplean a chur i gcrích anois. Is é an chéad phróiseas eile ná é a...
- Priority Questions: Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (9 May 2018)
Joe McHugh: Déanfaidh mé mo sheacht ndícheall leis sin. Beidh bord Rialtais ag dul ar aghaidh dé hAoine agus níl a fhios agam céard a bheidh ar an gclár, Dé hAoine, ná Dé Máirt na seachtaine amach anseo, ach déanfaidh mé mo sheacht ndícheall. Tá an dréachtphlean réidh agus tá sé comhaontaithe idir achan Roinn...
- Other Questions: Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga (9 May 2018)
Joe McHugh: Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i leith ceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge. Faoi réir...
- Other Questions: Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga (9 May 2018)
Joe McHugh: Is é an t-ábhar a bhí ag lua agus na sonraí a bhí agamsa ná an €20,000 atá i gceist le Gaillimh le Gaeilge agus tá meas mór agam maidir leis an dream Gaillimh le Gaeilge. Chas mé leo cúpla bliain ó shin agus tá siadsan freagrach agus rinne siad sár-jab agus sár-obair thar na blianta i gcathair na Gaillimhe agus...
- Priority Questions: Pleanáil Teanga (9 May 2018)
Joe McHugh: Tuigim an cheist, mar tá an méid fite fuaite idir na bpleananna ullmmhúcháin agus na bpleananna chur i bhfeidhm agus in 2018, na dreamanna a bheidh i gceist, mar shampla, Cois Farraige, na ceantair Ghaoth Dobhair, Rinn na Feirste nó Gort an Choirce nó Cloich Chionnaola, beidh suas le €2.65 milliún i gceist fa choinne na rudaí...
- Priority Questions: Pleanáil Teanga (9 May 2018)
Joe McHugh: Ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a bhfuil an próiseas pleanála teanga mar chuid lárnach de, bunaíodh ciste faoi leith in 2014. Baineadh leas as an gciste seo ó 2014 i leith chun cúram a dhéanamh d'fheidhmiú an phróisis pleanála teanga - ar cuireadh tús lena...
- Priority Questions: Pleanáil Teanga (9 May 2018)
Joe McHugh: Ní raibh dóthain ama agam níos luaithe chun an gceist a fhreagairt ina iomláine. Tuigim an cheist atá curtha ag an Teachta. Baineann sé leis an airgead a bhí ag teacht isteach le haghaidh pleanáil teanga. Bhí ceist eile aige ag an tús maidir leis an airgead atá á chaitheamh i mbliana.
- Priority Questions: Pleanáil Teanga (9 May 2018)
Joe McHugh: Go dtí 2017-----
- Priority Questions: Pleanáil Teanga (9 May 2018)
Joe McHugh: Tá freagra tugtha agam maidir leis an mhéid airgid a cuireadh ar fáil idir 2014 agus 2017 agus an leibhéal éilimh a bhí ann idir Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.
- Priority Questions: Pleanáil Teanga (9 May 2018)
Joe McHugh: Tá soiléireacht ann anois i dtaobh an airgid ar fad - achan pingin - a théann isteach sna ceantair Gaeltachta. Tá reachtaíocht na bliana 2012 i gceist. I gceantar an Teachta, mar shampla-----
- Priority Questions: Pleanáil Teanga (9 May 2018)
Joe McHugh: Tá na hionaid clúdaithe sa phleanáil teanga fosta.