Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Joe HigginsSearch all speeches

Results 4,761-4,780 of 7,975 for speaker:Joe Higgins

Lá na Gaeilge: Statements (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Is breá an rud é a bheith in ann gnó a dhéanamh tré Ghaoluinn annso, ach caithfidh mé a rá leis an Taoiseach nach bhfuil na struchtúir dáiríre faoi dhíospóireacht na maidne. Ag féachaint mórthimpeall annso tá 11 suíochán annso le m'ais agus cluasáin i dhá nó trí chinn. Táim ag féachaint mórthimpeall an Tí agus feicim nach bhfuil cluasáin ins an chuid is mó des...

Lá na Gaeilge: Statements (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Níl cluasáin ins an chuid is mó des na suíocháin. Sin atá mé ag rá. Dá bhrí sin, níor deineadh ullmhúchán ceart le haghaidh maidin inniu.

Lá na Gaeilge: Statements (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Níl.

Lá na Gaeilge: Statements (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Tá trí chinn annso le haghaidh 11 suíochán.

Lá na Gaeilge: Statements (7 Mar 2012)

Joe Higgins: An chuid is mó des na suíocháin níl cluasáin ar bith iontu.

Lá na Gaeilge: Statements (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Is féidir leis an Tánaiste ceap magaidh a dhéanamh más sin a theastaíonn uaidh.

Lá na Gaeilge: Statements (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Más rud é go bhfuilimid dairíre faoi, ní ceart go mbéadh an lá seo mar cur i gcéill. Ba cheart go mbéadh an lá seo dáiríre.

Lá na Gaeilge: Statements (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Nuair a labhraím, nó nuair a labhraíonn aon Teachta tá an ceart aige nó aici go dtuigfeadh gach éinne eile an méid atá á rá. Is luachmhar d'aon tír agus d'aon phobal a theanga dhúchais. Tá dhá theanga dhúchais sa tír seo, an Ghaoluinn agus an Béarla. An Ghaoluinn an ceann a théann níos faide siar agus a bhfuil stair, seanchas, litríocht, ceol agus amhráin ag baint léi,...

Ceisteanna ó na Ceannairí (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Deir cinnlínte i nuachtáin na maidne go bhfuil an Stát chun moill a lorg maidir le híocíocht an €3.1 billiún a bhaineann le Banc Angla Éireannach. An bhfuil sé sin fíor? Cad atá ag tarlú, go cruinn, i láthair na huaire? Go dtí seo, dúirt an Taoiseach nach raibh an Stát ag lorg aon laghdú maidir le híoc as na fiacha de chuid lucht speiciléireachta, baincéirí móra na...

Ceisteanna ó na Ceannairí (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Tá sé sin á rá chun muintir na tíre seo a scanrú - chun bata a chrochadh os cionn a gcloigne - i dtreo is go vótálfaidh siad "Tá" sa reafrainn atá ag teacht. Nach bhfuil sé fíor nach raibh sé sin i gconradh an ESM i mí Iúil seo caite? Nach bhfuil sé fíor gur cuireadh an alt sin isteach sar a shíníodh an leasú is déanaí ar 2 Feabhra? Cén fáth gur ghlac an Rialtas...

Ceisteanna ó na Ceannairí (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Nach bhfuil sé fíor, in ainneoin gur rinneadh an feall seo, nach féidir an chonradh seo nó na leasuithe a chur i bhfeidhm go dtí go ghlacann gach ballstát leo?

Ceisteanna ó na Ceannairí (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Nach bhfuil sé fíor go gcaithfidh Dáil Éireann glacadh leis an dúmháil nó blackmail seo sar a thagann an conradh i gcrích?

Ceisteanna ó na Ceannairí (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Dá bhrí sin, nach bhfuil sé fíor-----

Ceisteanna ó na Ceannairí (7 Mar 2012)

Joe Higgins: -----gur féidir le Dáil Éireann cosc a chur ar an dúmháil seo a chur isteach sa socrú seo? An bhfuil an Taoiseach chun iarraidh anois go dtógfaí amach an alt seo, nó an bhfuil an bata seo ag teastáil uaidh chun scanradh a chur ar ár ndaoine ionas go vótálfaidh siad ar son an chomhshocrú fioscach?

Ceisteanna ó na Ceannairí (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Níl tairbhe ar bith leis an gcomhshocrú fioscach. Tubaiste agus damáiste amach is amach a bheidh ann déine a chuir isteach go buan i gcúrsaí eacnamaíochta na hEorpa. Dá mba rud é go raibh an chomhshocrú fioscach seo i bhfeidhm trí, ceithre nó cúig bliana roimhe seo, bheadh an praiseach eacnamaíochta céanna againn i láthair na huaire. Is í sin an fhírinne. Tá an Rialtas...

Ceisteanna ó na Ceannairí (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Nach í sin an fhírinne ghlan? Nach feall atá i gceist é sin a dhéanamh ar ár ndaoine?

Ceisteanna ó na Ceannairí (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Ceadaigh dom a rá, a Cheann Comhairle, gur mór an trua é nach raibh cluasáin ar gach binse. Níl cluasáin ar leath de na binsí ar maidin.

Ceisteanna ó na Ceannairí (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Dá bhrí sin, b'fhéidir nach dtuigeann Teachtaí áirithe tábhacht an méid atá á rá agam ar maidin. Ón gciúnas a bhí ann nuair a bhí mé ag labhairt, b'fhéidir nár thuig cuid acu mo phointe.

Ceisteanna ó na Ceannairí (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Tá ceist agam.

Ceisteanna ó na Ceannairí (7 Mar 2012)

Joe Higgins: Cad faoin alt? Freagair an cheist.

   Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Joe HigginsSearch all speeches