Results 4,301-4,320 of 19,557 for speaker:Aengus Ó Snodaigh
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Tá ceist bheag agam. Mr. Cagney has talked about recruitment. Does he have any idea how many Civil Service posts will be filled this year? I know there has been an embargo for many years and small numbers have been coming through but I presume that Mr. Cagney has some idea of what will be happening over the next while. It is just so we would have some measure of how many extra people...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Táim chun deis a thabhairt do David Cagney teacht ar ais.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Ligfimid do David Cagney freagra a thabhairt.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Níl sé ag rá nach bhfuil an t-éileamh tagtha ón bpobal. Tá sé ag rá nach bhfuil an t-éileamh chuige ag teacht ón Roinn ag lorg daoine le Gaeilge chun an t-éileamh a shásamh.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Cuirfimid clabhsúr a cur leis an díospóireacht seo. Gabhaim buíochas leis na finnéithe David Cagney, Rob O'Toole, Eva Ní Shúilleabháin agus an Dr. Aodhán Mac Cormaic a raibh linn inniu chun an t-ábhar seo a phlé. Tá an cruinniú seo ar athló go dtí 3.30 p.m. inniu, nuair a phléifear an t-ábhar cláir...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Ba mhaith liom fáilte a fhearadh roimh Jon Williams, stiúrthóir nuachta agus cúrsaí reatha RTÉ; agus roimh Joe Reddington, príomheagarthóir nuachta RTÉ. Mar a dúirt mé, tá siadsan anseo mar ionadaithe ar son RTÉ. Ba mhaith liom fáilte a fhearadh chomh maith roimh Alan Hesslemont, príomhfheidhmeannach TG4. Gabhaim...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Níl an t-am againn. Tá an Dr. Mac Cormaic ag iarraidh teacht ar ais chomh maith.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Seirbhísí Poiblí Dátheangacha na gComhlachtaí Poiblí agus Líon na Seirbhíseach Dátheangach: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Tá cúpla ceist agam féin. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as na ceisteanna go dtí seo a fhreagairt. Tosóidh mé leis an bpíosa deireanach faoin athrú atá ag teacht chugainn ar fad ó thaobh na hoibre. Nílim ag cur an milleán ar aon duine ach thug an phaindéim seans dúinn tástáil a dhéanamh ar...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Chuaigh an cuireadh amach chun déileáil le ceist chlár nuachta Gaeilge.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: B'fhéidir just ar an ábhar sin. B'fhéidir go bhfuil ceisteanna sa bhreis-----
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: An bhfuil an litir ag an gcléireach a cuireadh amach? Ba é an méid a lorgaíomar ná chun plé le cláir nuachta Gaeilge seachas cláir Gaeilge RTÉ.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Is í an cheist atá á cur ag an Teachta Ní Chonghaile ná ceist faoi thuairisc ón gCoimisinéir Teanga maidir cláir RTÉ uile.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Ní hamháin go bhfuil nuacht san áireamh ach tá cúrsaí reatha chomh maith mar gur luaigh sí cúrsaí reatha sa quote. Tá freagra tugtha ag Jon Williams, ó thaobh na nuachta de, nach bhfuil sé ar a chumas labhairt thar ceann RTÉ. Tá sé ar bhaill an choiste an cinneadh a dhéanamh más mian leo leanúint ar...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Tá mise sásta an rún atá á chur agaibh a chur, más mian libh.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Má tá sibh sásta. Tá mé tar éis seiceála leis an gcléireach. Cuireadh an cuireadh chuig Dee Forbes atá ina príomhfheidhmeannach.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Is ise a rinne an cinneadh, agus ní ag caitheamh anuas ar Jon Williams nó Joe Reddington atáimid anseo.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: An bhfuil aon bhall eile ag iarraidh labhairt air seo, sula ndéanaim é sin? Gabhaim leithscéal le Jon Williams agus Joe Reddington ach tá an coiste tar éis cinneadh a ghlacadh gan leanúint leis an gceist maidir le RTÉ inniu ar bhonn nach féidir leis na finnéithe freagairt thar ceann ceisteanna iomláine maidir le RTÉ agus an Ghaeilge,...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Tá mise sásta an chuid seo den chruinniú a chur ar fionraí más é sin an cinneadh. Is féidir linn leanúint ar aghaidh agus cuireadh a hama féin a thabhairt do Dee Forbes, ach mura bhfuil an coiste sásta leis sin, tá mise sásta an chuid seo den chruinniú a chur ar athló agus leanúint le TG4 i gcúpla...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: An píosa maidir le RTÉ a chur ar athló go dtí go mbeadh an príomhfheidhmeannach ag teacht os ár gcomhair?
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Déanfaimid é sin. Tá brón orm. Tá an cruinniú ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad chun ligean do na finnéithe ó RTÉ seasamh amach. Tiocfaimid ar ais arís i gcúig nóiméad agus leanfaimid leis an gceist maidir le TG4 má aontaíonn daoine leis sin. An aontaítear? Aontaítear.