Results 4,161-4,180 of 9,563 for speaker:Jack Chambers
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Is mian liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht leasú Uimh. 11. Baineann an fhoráil seo le cearta an duine an leagan Gaeilge dá ainm nó dá hainm a úsáid chun seoladh nó teideal Gaeilge a úsáid. San alt seo sa Bhille, leasaítear alt 9 den phríomh-Acht agus tugtar isteach le halt 9A dualgas ar...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Mar a dúirt mé, déanfar sin sna caighdeáin a bheidh foilsithe leis an bplean náisiúnta. Tá sé i bhfad níos éifeachtaí an t-ábhar seo a láimhseáil tríd na caighdeáin nua a fhoilseofar agus beimid ag déanamh an próiseas seo tríd na caighdeáin nua a fhoilseofar.
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Ní thagann an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, atá faoi scáth na Roinne Iompair, faoi scóip an Bhille seo nó scóip an phríomh-Achta. Tuigtear dom, áfach, gur chuir an Roinn Iompair scéim phíolótach ar bun ar an ábhar atá ardaithe ag an Seanadóir roinnt blianta ó shin ach níor leanadh ar aghaidh leis sin....
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Is mian liom buíochas a ghabháil leis na Seanadóirí as ucht an leasú seo. Mar a luaigh mé nuair a phléigh muid leasú Uimh. 11, baineann foráil 9(1) le ceart an duine leagan Gaeilge dá ainm nó dá hainm a úsáid, chomh maith le seoladh nó teideal Gaeilge. Ceanglófar ar chomhlachtaí poiblí éascú...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Pléifidh mé leasuithe Uimh. 15 agus 16 le chéile toisc go mbaineann siad leis an ábhar céanna. Déanann alt 9C cur síos ar dhualgas comhlachtaí poiblí maidir le lógónna nua, go príomha, go gcaithfidh an téacs atá le húsáid ag comhlachtaí poiblí na lógónna a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Baineann alt 19A leis an gcóras teanga. Tá sé i gceist é a thabhairt isteach in ionad chóras na scéimeanna teanga. Tá córas na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair ag brath ar chomhlachtaí san earnáil phoiblí atá liostaithe i Sceideal 1 a ghabhann leis an bpríomh-Acht chun na bearta a leagan amach. Is beart...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Ní féidir liom glacadh leis an leasú seo mar go mbaineann sé le hábhar a thagann faoi scáth na Roinne Dlí agus Cirt. Titeann a leithéid de cheist faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus ní thagann sé faoi scóip an Bhille seo. Chomh maith leis sin, le himeacht ama táim ag súil le go mbeidh níos mó...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Gabhaim mo bhuíochas leis an Seanadóir as ucht an leasaithe seo a mholadh chuig an Teach. Tá seirbhísí pobal-inrochtana clúdaithe ag leasú a mhol mé agus a glacadh ar Chéim Thuarascála na Dála. Cinnteoidh an leasú sin gurb amhlaidh i gcás ina ndéanann comhlachtaí seirbhís a ngabhann teagmháil leis an bpobal...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Pléifidh mé leasuithe Uimh. 21, 28 agus 33 le chéile toisc go mbaineann siad leis an ábhar céanna. Is leasuithe de chuid an Rialtais iad na leasuithe seo ar fad. Maidir le leasú Uimh. 21, is leasú riaracháin atá i gceist sa chás seo a d’eascair as Céim na Tuarascála sa Dáil. Táthar ag iarraidh an téacs a...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí as ucht an leasú seo a mholadh don Teach. Sílim go bhféadfadh fiúntas a bheith leis an leasú seo le cinntiú go mbeidh 5% de bhuiséad fógraíochta comhlachta á chaitheamh ar na meáin Ghaeilge. Tar éis comhairle dlí a fháil ina leith, táim ag súil le mo leasú...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Kyne as leasú Uimh. 23 a mholadh ach ní bheidh mé ag glacadh leis. Beidh suíochán ag oifigigh de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an gcoiste comhairleach agus táim muiníneach go mbeidh siad in ann tuairisciú ar ais chuig an Aire maidir leis an obair sin. Chomh maith leis...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Tá cur i bhfeidhm an phlean náisiúnta mar sprioc den straitéis atá ann don státseirbhís do 2030, rud a léiríonn tacaíocht an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Rialtais don togra seo. Is ag mo Roinn atá an saineolas maidir le cúrsaí teanga agus beimid ag obair as lámha a chéile chun na...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Táim buíoch don Seanadóir as ucht an leasú seo. Is leasú de chuid an Rialtais a bhí san alt seo. Sílim go bhfuil an fhoclaíocht atá ann sásúil mar atá. Bunófar coiste reachtúil, an coiste comhairleach um sheirbhísí Gaeilge. Leagtar amach téarmaí maidir lena chomhaltas, lena fheidhmeanna agus lena...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Tá an iarracht déanta sa Bhille dul i ngleic le dhá mhórcheist: na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Cuireadh córas na scéimeanna ar bun chun cur le líon agus caighdeán na seirbhíse trí Ghaeilge a bheadh á gcur ar fáil ag comhlachtaí poiblí don phobal. Tá próiseas...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Baineann leasuithe Uimh. 29 agus 30 le chéile toisc go bhfuil siad ar an ábhar céanna. Tar éis dom féachaint ar leasú Uimh. 29 sa chomhthéacs seo, táim muiníneach go bhfuil an fhoclaíocht mar atá sé sásúil chun an bhrí atá i gceist a chur trasna. Sílim go bhféadfadh míthuiscint a bheith ann faoi...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Leagtar amach feidhmeanna an Choimisinéara Teanga in alt 21 den phríomh-Acht. Rinne mé cur síos ar na príomhdhualgais atá ag an gCoimisinéir Teanga i bhfreagra níos luaithe. Anuas ar sin, tar éis dul i mbun comhairliúcháin le hOifig an Choimisinéara Teanga agus tuairimí an choimisinéara agus a chuid oifigeach a...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Mar a luaigh mé nuair a labhair mé faoi leasú Uimh. 31 níos túisce, leagtar amach feidhmeanna an choimisinéara in alt 21 den phríomh-Acht. Tá na príomh-phointí céanna ábhartha don leasú seo agus mar sin táim den tuairim nach bhfuil an leasú seo ag teastáil. Tá an-chuid plé déanta againn ar...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Gabhaim buíochas leis an Seanadóir as an moladh seo a chur ar aghaidh ach ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo. Mar is eol don Teach, tá plé leanúnach ar bun idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is ceist casta í seo ach táim muiníneach go mbeidh dul chun...
- Seanad: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste - Official Languages (Amendment) Bill 2019: Committee Stage (24 Nov 2021)
Jack Chambers: Ní bheidh mé ag glacadh leis an leasú seo mar nach dtagann sé faoi scóip an Achta agus ní bheidh sé cuí é a chur san áireamh sa reachtaíocht seo. Bhí plé agam leis na bainc tamall ó shin nuair a ceapadh sa ról seo mé agus bhí na bainc báúil go maith don Ghaeilge. Táim lánchinnte go...