Results 4,081-4,100 of 19,329 for speaker:Aengus Ó Snodaigh
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Chuaigh an cuireadh amach chun déileáil le ceist chlár nuachta Gaeilge.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: B'fhéidir just ar an ábhar sin. B'fhéidir go bhfuil ceisteanna sa bhreis-----
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: An bhfuil an litir ag an gcléireach a cuireadh amach? Ba é an méid a lorgaíomar ná chun plé le cláir nuachta Gaeilge seachas cláir Gaeilge RTÉ.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Is í an cheist atá á cur ag an Teachta Ní Chonghaile ná ceist faoi thuairisc ón gCoimisinéir Teanga maidir cláir RTÉ uile.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Ní hamháin go bhfuil nuacht san áireamh ach tá cúrsaí reatha chomh maith mar gur luaigh sí cúrsaí reatha sa quote. Tá freagra tugtha ag Jon Williams, ó thaobh na nuachta de, nach bhfuil sé ar a chumas labhairt thar ceann RTÉ. Tá sé ar bhaill an choiste an cinneadh a dhéanamh más mian leo leanúint ar...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Tá mise sásta an rún atá á chur agaibh a chur, más mian libh.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Má tá sibh sásta. Tá mé tar éis seiceála leis an gcléireach. Cuireadh an cuireadh chuig Dee Forbes atá ina príomhfheidhmeannach.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Is ise a rinne an cinneadh, agus ní ag caitheamh anuas ar Jon Williams nó Joe Reddington atáimid anseo.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: An bhfuil aon bhall eile ag iarraidh labhairt air seo, sula ndéanaim é sin? Gabhaim leithscéal le Jon Williams agus Joe Reddington ach tá an coiste tar éis cinneadh a ghlacadh gan leanúint leis an gceist maidir le RTÉ inniu ar bhonn nach féidir leis na finnéithe freagairt thar ceann ceisteanna iomláine maidir le RTÉ agus an Ghaeilge,...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Tá mise sásta an chuid seo den chruinniú a chur ar fionraí más é sin an cinneadh. Is féidir linn leanúint ar aghaidh agus cuireadh a hama féin a thabhairt do Dee Forbes, ach mura bhfuil an coiste sásta leis sin, tá mise sásta an chuid seo den chruinniú a chur ar athló agus leanúint le TG4 i gcúpla...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: An píosa maidir le RTÉ a chur ar athló go dtí go mbeadh an príomhfheidhmeannach ag teacht os ár gcomhair?
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Déanfaimid é sin. Tá brón orm. Tá an cruinniú ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad chun ligean do na finnéithe ó RTÉ seasamh amach. Tiocfaimid ar ais arís i gcúig nóiméad agus leanfaimid leis an gceist maidir le TG4 má aontaíonn daoine leis sin. An aontaítear? Aontaítear.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Cuirfimid tús arís leis an gcruinniú agus leanfaimid ar aghaidh le príomhfheidhmeannach TG4. Tá an ráiteas tosaigh tugtha aige agus beidh sé foilsithe ar an suíomh gréasáin.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Nach mbíonn siad i níos fearr i nGaeilge? Glaoim ar an Teachta Connolly.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Tá cúpla ceist agam féin ag teacht ón méid atá luaite ansin. Tá Alan Esslemont ag rá go bhfuil TG4 spleách ar shlí amháin ar RTÉ agus ar a nuacht. Sa phlean atá curtha os ár gcomhair ag Alan Esslemont, is €1.83 milliún atá i gceist leis sa mhéid atá luaite aige. Deir sé, "Mar chuid den...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Mura bhfuil RTÉ ag déanamh i gceart é, tá costas breise chun é a thógáil suas go dtí leibhéal níos fearr.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Tá a fhios agam é sin. Tá airgead breise ann chun fís nua a dhéanamh seachas leanúint leis an méid atá ann faoi láthair.
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: An mbeadh foireann bhreise a fhostú i gceist nó an mbeadh an fhoireann atá ag RTÉ á aistriú, i gcás an luchta theicniúil, mar shampla, ceamaradóirí, nó an bhfeiceann Alan Esslemont go leanfaidh an ceangal atá ann faoi láthair mar atá sé? Níl mórán eolais agam faoi conas clár a chur le chéile...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Cuirfidh mé críoch le mo chuidse agus iarrfaidh mé ar an Teachta Ó Cuív ansin. Mar a tharlaíonn le haon iarratais ar bhuiséad, tagann nó ní thagann siad. Mura dtagann sé, an féidir le “Nuacht TG4” leanúint mar atá sé? An bhfuil fadhbanna bunúsacha ann ó thaobh trealaimh, stiúideonna foirne,...
- Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Cláir Nuachta Gaeilge: Plé (21 Jul 2021)
Aengus Ó Snodaigh: Ceart go leor. Gabhaim buíochas le Alan Esslemont as an méid sin a roinnt linn. Bhí sé spreagúil agus tá súil agam go mbeidh tairbhe maith as an méid atá sé tar éis a chur inár láthair. Ní muidne an tAire Airgeadais, tá brón orm a rá. Dá mbeimis bheadh sé i bhfad Éireann níos-----