Results 321-340 of 3,831 for speaker:Dinny McGinley
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tuigim céard atá i gceist ag an Teachta. Is dócha gur gá anailís a dhéanamh ar chaiteachas i ngach Roinn agus teacht aníos le figiúirí. Tuigeann an Teachta é seo, ós rud é go raibh sé anseo fada go leor. Is féidir liom fiosrúcháin a dhéanamh faoi sin.
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Sílim go bhfuil méadú tagtha le bliain anuas ar an méid scéimeanna úra atá á ndaingniú. Déanadh 16 cinn anuraidh. Tá sé cinn déanta go dtí seo i mbliana, agus dhá mhí imithe thart. Tá breis foirne ag déileáil le scéimeanna teanga i láthair na huaire. Tá an rannóg ansin....
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá sé chun tamall a ghlacadh, ach sílim go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfeadh an Teachta go bhfuil scéimeanna ag na comhlachtaí is mó a bhíonn ag déileáil leis an bpobal. Táimid ag breathnú ar teimpléad a chur ar fáil a chinnteodh go mbeadh sé níos fusa do chomhlachtaí eile na bunrudaí a chur ar...
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Is í an taithí atá againn ná go bhfuil comhoibriú le fáil. Tá na comhlachtaí poiblí ag iarraidh a ndícheall a dhéanamh. B'fhéidir nach bhfuil achan rud foirfe, ach sílim go bhfuil dea-thoil agus dea-mhéin ansin. Dúirt an Teachta go raibh dearcadh eile ag an iar-choimisinéir, ach táimid thar a bheith...
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Is próiseas céimnithe atá anseo agus admhaíonn gach duine é sin. Rachaidh an próiseas ar aghaidh céim ar chéim agus tá muid ag déanamh gach rud gur féidir linn chun na cearta sin a thabhairt do na daoine agus a chur ar fáil dóibh. Tarlóidh sin de réir a chéile. Tá an bealach amach romhainn. Ar...
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Níl gach rud foirfe nó mar ba mhaith linn é a bheith. Thug an Teachta sampla maidir leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, nach bhfuil ach 1.5% de na hoifigigh ansin a bhfuil sé ar a gcumas a gcuid oibre agus a gcuid teagmhála leis an bpobal a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sin fíor. Níor tharla seo inniu nó inné, ach táimid ag...
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá treoir tugtha ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chuig na Ranna eile sainscrúdú a dhéanamh ar an áit a bhfuil gá le státsheirbhísigh a bhfuil cumas Gaeilge acu. Tá an scrúdú sin ar siúl i láthair na huaire. Ceann de na dúshláin atá againn ansin ná na bearnaí sin a...
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: First, there will be no interference or change in regard to the independence of the Coimisinéir Teanga, nor will there be any change in regard to his powers or responsibilities. He will continue to operate under the provisions of Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. There are service level agreements between the Departments of Arts, Heritage and the Gaeltacht and Public Expenditure...
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá na cearta teanga sonraithe san Acht. Ba mhaith liom go mbeadh deis ag gach saoránach a chuid oibre agus a chuid gnóthaí a dhéanamh leis an Státchóras trí mheán na Gaeilge.
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, téann na comhlachtaí i mbun na scéimeanna agus cuirtear chugainn iad le faomhadh. Má táimid sásta leo, déantar é sin. Ar ndóigh, tá cineál freagracht ar Oifig an Choimisinéara Teanga le déanamh cinnte go gcloíonn siad leis na forálacha.
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Ní aontaím leis an dearcadh sin. Ní hé sin an rud atá san Acht. Nuair a dhéantar scéim teanga a fhaomhadh, leanann sé ar feadh trí bliana nó go dtí go ndéantar ceann eile a fhaomhadh, cibé acu is déanaí. Is í sin an chomhairle atá againn. Nuair atá na trí bliana thuas, ní chiallaíonn...
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Sin mar atá sé ó thaobh an Achta de.
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Luaigh mé an méid athnuachan atá á dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá an dara agus fiú an tríú scéim ag roinnt Ranna. Tá comhlachtaí áirithe ann nach bhfuil athnuachan ar an Acht déanta acu, ach ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil freagrachtaí an chéad scéim orthu go dtí go...
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Thug an t-iarCoimisinéir go leor fáthanna gur éirigh sé as. Chuaigh sé siar ar rudaí ar tharla le blianta anuas. Mar a dúirt mé roimhe seo, cinneadh pearsanta don choimisinéir féin a bhí ann. Ghuí mé gach rath air agus thug mé buíochas dó.
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Táimid ag díriú isteach ar an méid a bhí le rá aige. Táimid ag díriú isteach freisin ar pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge a chur i bhfeidhm. Ar ndóigh, bhí a dhearcadh féin ag an gcoimisinéir. Sílim go gcaithfimid amharc ar aghaidh anois. Tá coimisinéir úr réidh le cúraimí na...
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Ar ndóigh, tá tionchar ag cúrsaí eacnamaíochta na tíre ní hamháin ar cheist na Gaeilge ach freisin ar gach réimse de shaol poiblí na tíre seo - an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Sláinte ina measc. Tá mé sásta go bhfuilimid ag déanamh gach rud gur féidir linn taobh istigh de na hacmhainní...
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Ní aontaím ar chor ar bith go bhfuil siad ag briseadh an dlí.
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá 185 comhlucht atá ag feidhmiú faoi scéimeanna teanga agus is comhluchtaí iad atá ag plé go rialta, agus le laethúil beagnach, leis an phobal. Tá oifigeach feidhmiúcháin breise in Oifig an Choimisinéara le cúpla seachtain anuas. Maidir le mo Roinn féin, tá breis foirne ansin chomh maith atá ag plé anois...
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Ní aontaím ar chor ar bith go bhfuil comhluchtaí ag briseadh an dlí. Ní heol domsa, ón eolas atá agam féin, go bhfuil comhluchtaí ag briseadh an dlí.
- Joint Oireachtas Committee on Public Service Oversight and Petitions: Tuarascáil an Choimisinéara Teanga 2012: Díospóireacht (5 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá mé ag rá nach bhfuil a fhios agam go bhfuil siad ag briseadh an dlí.