Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Éamon Ó CuívSearch all speeches

Results 28,201-28,220 of 28,255 for speaker:Éamon Ó Cuív

Seanad: Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages. (13 May 2003)

Éamon Ó Cuív: Tá an méid faoin gcomhfhreagras leagtha síos go soiléir. Ba mhaith liom béimiú uair amháin eile maidir le stáiseanóireacht, comharthaíocht agus rudaí mar sin. Níl de rogha ach Gaeilge amháin agus Gaeilge agus Béarla. Ní shin atá ann i láthair na huaire. Cuireann go leor dreamanna comharthaí i mBéarla amháin suas. An rud nach bhfuil mé ag scríobh san Acht, mar bheadh sé...

Seanad: Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages. (13 May 2003)

Éamon Ó Cuív: Is leasú teicniúl iad seo a bhaineann le crostagairtí sa Bhille. Tá súil agam gur féidir glacadh leis gan díospóireacht mar níl ann ach uimhreacha. Amendment agreed to. Government amendment No. 10: In page 20, line 43, to delete "any particular linguistic" and substitute "the particular Irish language".

Seanad: Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages. (13 May 2003)

Éamon Ó Cuív: Bhí mé beagáinín buartha nach raibh an fhoráil maidir leis an nGaeltacht sonrach mar deir sé anseo "any particular lingustic". Theastaigh uaim go dtuigfí gurb í an Ghaeilge a bhí i gceist agus ar an ábhar sin tá mé ag déanamh leasaithe air sin. Má thógtar seo mar aon leis na tagairtí eile do phleananna nó treoirlínte dóibh, go dtuigfear go mbeidh dualgas soiléir ar gach...

Seanad: Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages. (13 May 2003)

Éamon Ó Cuív: Dúirt sé "any particular linguistic", so ní raibh sé sonrúil gurb é riachtanas sa Ghaeilge a bhí i gceist. Tá "the particular Irish language" an riachtanas Gaeilge sa nGaeltacht atá i gceist anois. Tá sé soiléir le déanamh cinnte nach bhfuil aon áthbhrí i gceist.

Seanad: Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages. (13 May 2003)

Éamon Ó Cuív: Deir an leagan nua "a chinntiú go bhreastalófar ar na riachtanais áirithe Gaeilge" a bhaineann le seirbhísí shólalthair i limistéir Gaeltachta. Amendment agreed to. Government amendment No. 11: In page 22, line 2, to delete "section 13(1)" and substitute "subsections (1) and (2) of section 9". Amendment agreed to. Government amendment No. 12: In page 22, line 26, to delete "13 to 14"...

Seanad: Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages. (13 May 2003)

Éamon Ó Cuív: Níl i gceist anseo ach leasuithe teicniúla. Baineann said le comhlachtaí poiblí nua atá bunaithe ó foilsíodh an Bille, comhlachtaí poibli a d'athraigh a n-ainm ó foilsíodh an Bille agus comhlachtaí poiblí a cuireadh as feidhm ó foilsíodh an Bille de bharr meascán den dhá ghné seo. Gabhaim buíochas leis an bhFreasúra mar thug sé ainm chomhlachta amháin chun tosaí ar...

Seanad: Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages. (13 May 2003)

Éamon Ó Cuív: Is leasú teicniúl é seo atá a mholadh le soiléiriú a dhéanamh ar bhrí na forála aírithe seo maidir le scóp an Bhille a leathnú amach anseo do chuid earnálacha den gheilleagar seachas an earnáil phoiblí. Foráiltear faoin leasú seo go dtagann cuideachtaí a fheidhmíonn tri cheadúnas ón Stát, cosúil le bainc, gníomhaireachtaí eile a thugann iasachtaíl, cuideachtaí...

Seanad: Official Languages Bill 2002: Report and Final Stages. (13 May 2003)

Éamon Ó Cuív: Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí ar fad a ghlac páirt sa díospoireacht. Díospóireacht bríomhar a bhí ann. Nuair a cuirtear rud os mo chomhair is maith liom plé iomlán a dhéanamh air agus na hargóintí ar fad a thástáil. Mar a gheall mé, chuaigh mé ar ais ansin agus scrúdaigh muid na moltaí agus na tuairimí a bhí curtha ar aghaidh ag lucht an Fhreasúra agus bhí mé in...

Seanad: Adjournment Matter. - Community Development. (16 Apr 2003)

Éamon Ó Cuív: Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Teachta as ucht deise a thabhairt dom na fíricí a chur in iúl anocht.

Seanad: Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9. (9 Apr 2003)

Éamon Ó Cuív: Pléadh seo ar fad inné – is comhairle dlí ó thaobh an Bhunreachta a bhí i gceist leis an athrú a cuireadh ar an alt a thagair an Seanadóir dó. Tá an focal "comhionannas" bainte as an mBille mar go bhfuil comhairle dlí eile bunreachtúil faighte nach féidir sin a lua ó tharla gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil sa tír. Question put and agreed to. SECTION 10....

Seanad: Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9. (9 Apr 2003)

Éamon Ó Cuív: Tá míthuiscint thar a bheith bunúsach ar an Seanadóir.

Seanad: Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9. (9 Apr 2003)

Éamon Ó Cuív: An rud atá i gceist ná in aon chomhlacht, ag brath ar an gcomhlacht agus na dualgaisí atá air, beidh dualgaisí ar leith air i leith na Gaeilge. Ní shin le rá go mbeidh air gach seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge nó trí Bhéarla. Tá nós ag mo Roinnse nach gcuireann sí ach leaganacha Gaeilge den fhoirm dheontais tithíochta ar fáil i nGaeilge, ar tharla gur deontas tithíochta...

Seanad: Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9. (9 Apr 2003)

Éamon Ó Cuív: Tá soláthar ann leis na rialacháin agus na scéimeanna sin ar fad a dhéanamh. Bí cinnte de sin. Ní bheadh aon fheidhm leis an mBille muna d'fhéadfaí a leithéid a chur i bhfeidhm. An dara rud atá ann ná go bhfuil an coimisinéir ann chun cearta a gcosaint. Beidh treoirlínte leagtha síos faoi na pleananna agus ansin, ar ndóigh, má chuirtear chomhfhreagras chugat, caithfidh tú...

Seanad: Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9. (9 Apr 2003)

Éamon Ó Cuív: An phríomhaidhm leis an Bhille seo ná seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a chur ar fáil ar bhunús níos forleithne agus ar chaighdeán i bhfad níos airde. Tá ceist chasta ann faoi iar-chomhlachtaí agus comhlachtaí príobháideacha. Ba é mo thuairim agus mé ag réiteach an Bhille gurbh fhearr déileáil i dtosach báire leis an 300 comhlacht – eagraíochtaí, Ranna Stáit, údaráis...

Seanad: Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9. (9 Apr 2003)

Éamon Ó Cuív: Caithfidh na Seanadóirí breathnú, i gCéad Sceideal, ar an sainmhíniú ar chomhlacht poiblí. Má dhéanann siad sin feicfidh siad go bhfuil na Ranna Stáit agus na heagraíochtaí Stáit ar fad luaite. Luaitear údaráis áitiula agus boird sláinte. Ansin déantar tagairt do na heagraíochtaí deonacha a fhaigheann an chuid is mó dá gcuid airgid ón gciste phoiblí. Beidh leasú a...

Seanad: Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9. (9 Apr 2003)

Éamon Ó Cuív: Tá nóta anseo faoin Sceideal agus freagróidh sé an cheist go cuimsitheach. Sé an aidhm atá ag fómhíreanna (1) go (5) an Chéid Sceidil ná meicníocht a chur ar fáil chun scóip an Bhille a leathnú amach anseo chuig earnálacha, seachas an earnáil phoiblí, a sholáthraíonn sheirbhísí go díreach don phobail – na bainc, cuideachtaí arachais, cuideachtaí teileachumarsáide...

Seanad: Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9. (9 Apr 2003)

Éamon Ó Cuív: Is leasú teicniúil é seo gur feidir linn a dhéanamh gan díospóireacht. Níl ann ach rud beag dréachta. Amendment agreed to. Government amendment No. 30: In page 18, line 33, to delete "Government" and substitute "Government,".

Seanad: Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9. (9 Apr 2003)

Éamon Ó Cuív: An rud a deir sé nach i leathanach 18, líne 33 "Rialtas" a scriosadh agus "Rialtas," a chur ina áit.

Seanad: Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9. (9 Apr 2003)

Éamon Ó Cuív: Tá camóg breise ann agus cé nach saineolaí gramadaí mé, glacaim go bhfuil comhairle iontach curtha orm. Amendment agreed to. Amendment No. 31 not moved. Question proposed: "That section 11, as amended, stand part of the Bill."

Seanad: Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9. (9 Apr 2003)

Éamon Ó Cuív: Tá áthas orm gur ardaigh an Seanadóir an cheist seo, mar shíl mise go mbeadh daoine caite nach bhfuil á ndóthain doiciméad leagtha síos ansin. Chonaic mé daoine agus iad á rá go mba cheart dom éileamh go n-aistreofaí chuile fhocal a deirtear i gceachtar an dá Thí agus sna cúirteanna thar bharr ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla. Tá a fhios againne mar Bhall an...

   Advanced search
Show most relevant results first | Most recent results are first | Show use by person

Search only Éamon Ó CuívSearch all speeches