Results 2,281-2,300 of 6,611 for speaker:Seán Kyne
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: -----na moltaí a thabhairt san áireamh.
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Gabhaim buíochas don Teachta as sin. Tá sé ar intinn againn é a thosnú sa Dáil seachas sa Seanad. Tá súil againn an próiseas a thosú chomh luath agus is féidir agus go mbeidh an deis ag an gcoiste é a phlé agus dul tríd. Tá mé sásta é sin a dhéanamh.
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Mar a dúirt mé sa ráiteas tosaigh, beidh an próiseas earcaíochta i gcroílár an Bhille. Má bhreathnaíonn an Teachta ar an méid atá déanta againn ó thaobh an mhaolaithe don teanga san Eoraip, tá dul chun cinn suntasach tagtha ar na huimhreacha le cúpla bliain anuas, mar shampla, mar gheall go bhfuil daoine ar an eolas...
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Beidh-----
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Beidh muid ag déanamh monatóireachta trí phlean náisiúnta do sheirbhísí poiblí agus earcaíochta le Gaeilge. Beidh an plean le faomhadh ag an Rialtas agus ag an Oireachtas. Beidh ról lárnach ag na seirbhísí poiblí ó thaobh earcaíochta de. Is iadsan atá ag cur próiseas earcaíochta i bhfeidhm....
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Gabhaim buíochas leis an Teachta agus molaim an obair a rinne sé mar Aire don Ghaeltacht agus don Ghaeilge ó thaobh an chéad Acht agus tús a chur leis an bpróiseas seo. Tríd an obair atá déanta ag feidhmeannaigh sa Roinn anois, beimid in ann feabhas a chur air sin agus an dara céim a chríochnú roimh an Nollaig. Beimid sásta...
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Bhí na pleananna teanga lárnach san Acht agus tá dul chun cinn suntasach déanta sna pleananna sin chun comhpháirtíocht a chruthú idir an pobal agus eagraíochtaí Stáit mar an Roinn, Údarás na Gaeltachta, an Chomhairle Ealaíon agus grúpaí eile. Luadh an maolú don Ghaeilge san Aontas Eorpach sa straitéis....
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Maidir leis an mBille, beidh sí foilsithe roimh an Nollaig: níl fhios agam an mbeidh an Dara Céim críochnaithe roimh an Nollaig. Ansin beidh sé suas don choiste seo agus-----
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Chomh tapa agus is féidir. Mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, caithfimid cinntiú go dtéann an Bille tríd Thithe an Oireachtais roimh aon toghchán.
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Tá sé sin tábhachtach. Níl sé suas domsa cén uair a bheidh an toghchán ar siúl, ach luadh Meitheamh. Nuair a fhoilsítear an Bille, imeoidh muid tríd go tapaigh. Bhí an cruinniú is deireanaí ag an gcoiste monatóireachta an tseachtain seo caite.
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Foilsítear na miontuairiscí ar shuíomh na Roinne agus cuirtear iad chuig an coiste freisin. Bhí an cruinniú is deireanaí ar siúl an tseachtain seo caite.
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Trí cinn ina iomlán a bhí-----
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Gabh mo leithscéal, bhí ceithre cinn ann.
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Sin ó foilsíodh an plean gníomhaíochta.
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Tá na Ranna Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta; Oideachais agus Scileanna; Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; Leanaí agus Gnóthaí Óige; agus Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge mar bhaill den choiste sin. Tá sé tábhachtach go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag suí ar an gcoiste...
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Taobh istigh de mhí.
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Sea. Tá an scéal maidir le Foras na Gaeilge sórt casta agus b’fhéidir nach raibh an t-eolas uile soiléir ag an am. Chaith Foras na Gaeilge beagnach an méid iomlán a bhí ceadaithe faoi ré an chórais trasteorann, is é sin €11,087,184. Bhí €175,650 fágtha gan a bheith tarraingthe anuas ag deireadh na bliana....
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Bhíomar i dteagmháil go minic maidir le hullmhú an Bhille seo leis an gCoimisinéir Teanga ó thaobh a chuid smaointe, moltaí an choiste agus grúpaí éagsúla cosúil le Conradh na Gaeilge.
- Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: An tAire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeilge (5 Nov 2019)
Seán Kyne: Tá.

Seán Kyne: Is é sin an dlí mar atá sé faoi láthair. Caithfidh siad leanúint ar aghaidh leo go dtí go mbeidh Bille nua ann.