Advanced search
Most relevant results are first | Show most recent results first | Show use by person

Search only Aengus Ó SnodaighSearch all speeches

Results 14,501-14,520 of 19,476 for speaker:Aengus Ó Snodaigh

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Arís, baineann an leasú seo le cúrsaí craolacháin, agus fógraí teilifíse ach go háirithe. Tá ról ag Údarás Craolacháin na hÉireann i leith fógraíochta ar an teilifís. Ba chóir go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí fógraí, chomh maith le cláir, a chraoladh trí Ghaeilge. Mar...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Baineann an leasú seo le suirbhéireacht Údarás Craolacháin na hÉireann. Moltar go ndéanfar suirbhé bliantúil ar úsáid na Gaeilge sna meáin chumarsáide. Ba chóir go mbeadh sé sin mar cheann de dhualgais an údaráis agus go gcuirfeadh sé tuarascáil faoi bhráid an Aire agus an chomhchoiste mar...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Tá pointí le déanamh agam faoin alt i gcoitinne. Is ceann é seo de na hailt is tábhachtaí sa reachtaíocht agus ba chóir go mbeadh sé i bhfad Éireann níos leithne ná mar atá. Léiríonn mo leasuithe go bhféadfaí go mbeadh an t-alt seo i bhfad Éireann níos leithne agus gur féidir linn i bhfad...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Baineann an leasú seo le spriocanna earcaíochta agus an Ghaeltacht. Tá sé i gceist leis go mbeadh spriocdhátaí earcaíochta sa reachtaíocht seo do phoist atá lonnaithe sa Ghaeltacht, rud atá á lorg ag gach dream, ina measc oifigigh pleanála teanga, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge. D'aontaigh an tAire...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Tairgim leasú Uimh. 114: I leathanach 15, idir línte 3 agus 4, an méid seo a leanas a chur isteach: “Comhaltas Bord Stáit 5. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10: “10A. Nuair a bheidh comhaltaí bord Stáit á n-ainmniú tar éis teacht i bhfeidhm don fhoráil...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Cosúil leis an Teachta Ó Cuív, measaim gur chóir go mbeadh an tAire Stáit ag féachaint air seo agus tá súil agam go ndéanfaidh sé féachaint air chun déanamh cinnte de go mbeidh cothromas ann nó ar a laghad go mbeidh bogadh i dtreo an cothromais mar nílimid ag lorg 50% nó aon rud dá shórt, in ainneoin go...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Dúirt an tAire Stáit go bhfuil na treoirlínte níos tábhachtaí. I mo thuairim féin, níl siad níos tábhachtaí. Tá siad tábhachtach iontu féin ach níl treoirlínte tábhachtach muna bhfuil spriocanna iontu, muna bhfuil cur chuige iontu, agus muna bhfuil siad chomh cinnte agus chomh dearfach is ar chóir...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Tairgim leasú Uimh. 115: I leathanach 15, idir línte 3 agus 4, an méid seo a leanas a chur isteach: “Comhaltas Bord Stáit 5. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10: “10A. Nuair a bheidh comhaltaí na Comhairle Ealaíon á n-ainmniú de réir alt 11 den Acht Ealaíon,...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Tairgim leasú Uimh. 116: I leathanach 15, idir línte 3 agus 4, an méid seo a leanas a chur isteach: “Comhaltas Bord Stáit 5.Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10: “10A.Nuair a bheidh comhaltaí bhord RTÉ á n-ainmniú de réir alt 82 den Acht Craolacháin, 2009,...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Tairgim leasú Uimh. 121: I leathanach 15, líne 7, “caighdeán teanga forordaithe, is caighdeán” a scriosadh agus “aicmiú teanga forordaithe, is aicmiú” a chur ina ionad. Tá brón orm go bhfuil an oiread leasuithe ann. Nuair a bhí muid ag cur leasuithe isteach d’iarr muid ar fhoireann Oifig na mBillí an...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Mar a dúirt mé, ní rud polaitiúil atá i gceist. Táimid ag iarraidh a dhéanamh cinnte de nach mbeadh fadhb ann amach anseo. Cheana féin, bíonn coimhlintí ann idir an Chaighdeán Oifigiúil agus canúintí, mar shampla. Gach uile bhliain tá ar an Oireachtas, measaim, eagrán nua den Chaighdeán Oifigiúil a...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Tairgim leasú Uimh. 122: I leathanach 15, líne 10, an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “d’ainneoin fho-alt (3).”: “Ní dhéanfaidh aon aicmiú teanga forordaithe laghdú ar na dualgais a bhí i bhfeidhm ar chomhlacht poiblí faoi scéim go dtí sin, áfach.”. Ar an gceist seo, ní...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Luaigh an tAire Stáit alt 19A agus dúirt sé nach mbeadh aon chúlú ag tarlú ó thaobh líon na seirbhísí atá á fháil faoi láthair. An fhadhb atá ann ná na scéimeanna agus an méid a bheidh le fáil. Tá mise ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh aon chúlú ón méid atá...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Bhí mé ag súil go mbeadh an tAire Stáit sásta féachaint air. Tá mé chun é a bhrú.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Aithním go bhfuil an tAire Stáit tar éis bogadh sa treo a bhí i gceist agam agus táim sásta, dá réir sin, glacadh leis an sprioc de sé mhí. Táim ag súil go mbeidh an coiste comhairleach seo i bhfeidhm laistigh de thrí mhí, mar atá luaite ag an Aire Stáit. Tá a fhios agam go mbíonn fadhbanna ann...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Tairgim leasú Uimh. 124: I leathanach 15, líne 14, “laistigh de 3 mhí ó achtú an ailt seo” a chur isteach i ndiaidh “a cheapadh”.

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Tairgim leasú Uimh. 125: I leathanach 15, idir línte 21 agus 22, an méid seo a leanas a chur isteach: “(3A) Beidh an Coiste neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna.”. Arís, tá an leasú seo faoin gcoiste comhairleach atá in ainm is a bheith á bhunú ag alt 6. An rud atá i gceist ná go mbeadh alt 3A...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Tá trí rud difriúil i gceist anseo. Tosóidh mé le leasú Uimh. 125, lena bhfuilimid ag iarraidh go mbeidh an coiste neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna. Ní hé go mbeadh sé neamhspleách ón Aire nó ón gcoiste seo. Má fhéachtar trí na leasuithe atá agam, is ag cur freagracht ar dhaoine...

Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (9 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: Tuigim sin agus níl dabht agam ó thaobh na ndaoine a bheas ar an gcoiste seo. Chonaiceamar iad os comhair an choiste ag an staid seo b'fhéidir dhá bhliain nó trí bliana ó shin. Tagraím do dhaoine go mb'fhéidir nach raibh os comhair an choiste, daoine atá bainteach le cinntí móra maidir le hearcaíochta i gcoitinne....

An Bille um Cheathrú Chultúir 1916, 2021: First Stage (11 Mar 2021)

Aengus Ó Snodaigh: I move: That leave be granted to introduce a Bill entitled an Act to provide for the establishment of a body to be known as Ceathrú Chultúir 1916 Teoranta, to define its functions in relation to the preservation, restoration and management of the cultural historical quarter within the Moore Street Battlefield Area in line with the functions, aims and objectives set for it in this...