Results 3,581-3,600 of 3,831 for speaker:Dinny McGinley
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Ba cheart dom a lua gur creatlach atá sa straitéis 20 bliain. Tá cuspóirí agus aidhmeanna sa straitéis atá le baint amach againn i 20 bliain agus caithfidh muid é sin a dhéanamh ar an dóigh is éifeachtaí. Ar ndóigh, beidh dóigheanna eile againn le hamharc ar ghnéithe eile den straitéis sin. Bhí na...
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá rudaí eile sa straitéis a bheidh athraithe. Táimid ag díriú isteach ar na príomhrudaí atá sa straitéis, mar shampla trí iarracht a dhéanamh an líon cainteoirí sa Ghaeltacht a ardú sna 20 bliain atá amach romhainn. Táimid ag díriú isteach ar an mór-rud sin.
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá mé ag amharc ar an bpictiúr mór. Is féidir le duine ar bith suí síos agus mionrud anseo is ansiúd a phiocadh amach. Ba cheart dúinn amharc ar an bpictiúr mór.
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá 11 Roinn tar éis a gcuid pleananna forfheidhmithe a fhoilsiú. Tharla sé sin sé mhí ó shin. Tá eolas ar na mionsonraithe sin, i dtaobh an méid atá á dhéanamh acu maidir leis an straitéis 20 bliain, le fáil go hoscailte ar shuíomh gréasáin gach Roinn acu sin. Má tá fonn ar an gcoiste seo eolas...
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Mar chathaoirleach ar an gcoiste idir-rannach, tá sé mar ról agam comhordú a dhéanamh agus a chinntiú go gcuireann gach Roinn tuairisc ar fáil ar an méid atá déanta acu. Tá siad sin ar fáil go poiblí ar suíomh gréasáin gach Roinn. Má tá fonn ar an gcoiste dul tríd an méid atá á...
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá an t-eolas sin curtha ar fáil. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tiomanta don phróiseas chun foireann a fhorbairt a bheidh ábalta seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta.
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá prótacal earcaíochta i bhfeidhm ó mhí Aibreán 2013 ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le ceapacháin i gceantair Ghaeltachta. Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte earcaíocht ar fhoireann le Gaeilge de réir an phrótacal sin agus de réir mar a thagann folúntais chun cinn i gceantair...
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Níl sé déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ach tá sé déanta ag an Roinn féin.
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá scéim teanga ag réigiún an iarthair d'Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. De réir mar a thuigim, táthar i dteagmháil leis an gcuid eile. Tá sé sin ag tarlú.
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Mar a dúirt mé, tá scéim teanga ag an Roinn Sláinte agus tá siad tar éis na tuairisce sin a chur ar fáil. Má tá ceisteanna ag an gcomhchoiste faoi sin, b'fhiú oifigigh na Roinne a thabhairt isteach.
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Is é an gnó atá agamsa mar chathaoirleach ná a dhéanamh cinnte go bhfuil rudaí ar siúl ansin agus go bhfuil a fhios acu go bhfuil an straitéis ann agus go gcaithfidh siad cuspóirí na straitéise a chur i bhfeidhm. Ach is ag gach Roinn atá sé le déanamh. Ní féidir liomsa mar Aire Stáit dul isteach in aon Roinn...
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Cuireann an Coimisinéir Teanga tuairisc ar fáil gach bliain agus leagtar an tuairisc sin os comhair Thithe an Oireachtais. Tá ról ansin ag Tithe an Oireachtais, cibé cad iad na gearáin atá déanta aige a fhiosrú.
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá an straitéis agus aidhmeanna na straitéise ar fud na Ranna ar fad, agus tá freagracht ar gach Roinn an straitéis a bhrú ar aghaidh.
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Feicim.
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá foireann na Roinne sna Forbacha, thiar i gceantar an Teachta, agus cuid d'fhoireann na Roinne i mo cheantar féin, in oifig i nGaoth Dobhair, fite fuaite le cur i bhfeidhm na straitéise. I nGaoth Dobhair, tá ionad ansin atá ag plé le scéimeanna teanga. Chomh maith le sin, tá freagracht ar gach duine sa Roinn maidir le cir i bhfeidhm na...
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá thart faoi 60 duine thiar i láthair na huaire.
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Trasna an bhoird, tá an straitéis fite fuaite. Tá gach gné d'obair na Roinne fite fuaite leis an straitéis 20 bliain.
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Níl aon ionad sonrach sa Roinn gur féidir a rá gur seo an t-ionad straitéise.
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá dualgas agus freagracht ar gach duine aird a thabhairt ar an straitéis i gcomhthéacs obair na Roinne. Téann sé ó cheann amháin go dtí an ceann eile. Tá aidhmeanna na straitéise fite fuaite le hobair na Roinne. Tá rannóg amháin sa Roinn ag plé le gné amháin den straitéis - na scéimeanna teanga - i...
- Committee on Environment, Culture and the Gaeltacht: An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Rudaí Gaolmhara: Éirí an Choimisinéara Teanga as a Phost: Díospóireacht leis an Aire Stáit (6 Mar 2014)
Dinny McGinley: Tá an chuid is mó de na bainisteoirí sinsearacha sa Roinn lonnaithe sna Forbacha. Is féidir a rá go bhfuil siad ag déileáil le cur chun cinn na straitéise ar bhonn laethúil.