Results 2,901-2,920 of 3,831 for speaker:Dinny McGinley
- Written Answers — Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht: Fostaíocht sa Ghaeltacht (30 Jan 2013)
Dinny McGinley: Deirtear i ráiteas deireadh bliana Údarás na Gaeltachta don bhliain 2012 gur cruthaíodh 700 post nua i gcliantchuideachtaí Údarás na Gaeltachta in 2012. Bhí 7,553 post i gcliantchuideachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana, lena n-áirítear 6,933 post lánaimseartha agus 620 post páirtaimseartha. Nuair a thógtar...
- Written Answers — Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht: Féilte Traidisiúnta (30 Jan 2013)
Dinny McGinley: Faoi mar is eol don Teachta, tá scéim ar leith ag Údarás na Gaeltachta chun tacú le féilte traidisiúnta sa Ghaeltacht. Maidir le Tóstal Éireann, comhairlítear dom go bhfuil sé i gceist ag an Údarás, agus measúnú á dhéanamh acu ar iarratais i leith féilte sa Ghaeltacht in 2013, béim ar leith a...
- Written Answers — Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht: Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (30 Jan 2013)
Dinny McGinley: Molaim ceisteanna Uimh. 40 agus 119 a fhreagairt le chéile. Aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na Straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, tá obair leanúnach ar siúl chun raon leathan gníomhaíochtaí faoin...
- Written Answers — Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht: Acht na Gaeltachta (30 Jan 2013)
Dinny McGinley: Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt do phleanáil teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, is faoi Údarás na Gaeltachta atá sé eagraíochtaí pobalbhunaithe a roghnú sna limistéir sin chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú. Ina theannta sin, is faoin Údarás atá...
- Written Answers — Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht: Irish Language (30 Jan 2013)
Dinny McGinley: As the Deputy will be aware, Irish became an official and working language of the European Union on 1 January 2007. This development has had the welcome effect of greatly increasing the availability and visibility of Irish in the EU institutions. Notwithstanding the status of the language in the EU, there is, however, a derogation in place for practical reasons which states that the EU...
- Written Answers — Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht: Acht na dTeangacha Oifigiúla (30 Jan 2013)
Dinny McGinley: Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 117 agus 118 le chéile. Mar atá ráite i gClár Reachtaíochta an Rialtais a foilsíodh ar an 15 Eanáir, táthar ag súil bille a fhoilsiú i mbliana ina ndéanfar foráil do leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Acht. Mar a thuigfidh an Teachta,...
- Written Answers — Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht: Seachtain na Gaeilge 2013 (30 Jan 2013)
Dinny McGinley: Is féile idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge a reáchtáiltear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear. Is é Conradh an Gaeilge a eagraíonn an fhéile a bheidh ar siúl i mbliana ón 4 go 17 Márta 2013. Tuigtear dom go...
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Order for Report Stage (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: I move: "That Report Stage be taken now."
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: Tá sé mar cheann de phríomh aidhmeanna na reachtaíochta, soiléireacht a thabhairt maidir le caighdeán oifigiúil na Gaeilge. Leagann an Bille síos go soiléir gur ar Choimisiún Thithe an Oireachtais a bhéas an fhreagracht an caighdeán oifigiúil a athbhreithniú go tréimhsiúil de réir mar is cuí. Bhí...
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: An chumhacht a fhágáil ag an Rialtas. Ní aontaím gur ag an Rialtas ba chóir go mbeadh an fhreagracht seo. Tá an fhreagracht seo á tabhairt do Choimisiún Thithe an Oireachtais agus tá difir eatarthu. Baill Oireachtais atá ann ar an Choimisiún agus tá lán muiníne agam go ndéanfaidh siad an rud ceart. Beidh ionchur...
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: Sílim go gcaithfidh muid amharc chun tosaigh. Aontaím leis an Teachta nach raibh gach rud i gceart san am atá thart. Bhí riaráistí maidir le aistriú na mBillí agus maidir le aistriú na n-ionstraimí reachtúla. Tharla sé sin uilig. Níor shíl me nuair a tháinig mé isteach go raibh fuascailt na ceiste againn....
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: Aontaím nach bhfuil aon spás d'éiginnteacht nó débhríocht nuair atá reachtaíocht á n-aistriú ó theanga oifigiúil amháin go dtí teanga oifigiúil eile. Baineann tábhacht ar leith leis seo i gcás na Gaeilge, ní hamháin in Éirinn ach freisin san Aontas Eorpach, áit ina bhfuil an Ghaeilge...
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: Rinne an Teachta pointe eile. Tá an-chuid eolais i Rannóg an Aistriúcháin. Iarradh orm an mbeidh caighdeán 1958 nó an caighdeán nua á n-úsáid acu i gcomhthéacs na riaráistí reachtaíochta. Sílim go bhfuil go leor saineolas sa rannóg chun cinneadh a dhéanamh faoin cheist sin. Is cinnte go gcaithfidh aon...
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: Mar a dúirt mé, chuir an reachtaíocht go léir a tógadh isteach le blianta fada - ó tháinig mise isteach sa Teach seo agus is dócha ó tháinig na Teachtaí isteach chomh maith - leis an gCaighdeán Oifigiúl. Níor chuala mé go raibh aon deacracht d'aon chineál leis sin san am a chuaigh thart. Tá mé cinnte...
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: De réir mar a thuigim, nuair atá deireadh ráite, tá an foclóir bunaithe ar chaint na ndaoine. Maidir le Billí, téann aon Bhille a ullmhaítear faoi bhráid Oifig an Ard-Aighne agus níor chuala mé aon ghearán ná aon rud gur cóir a cheartú ón fhoinse sin go fóill.
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: Cosúil le gach Bille, chuaigh an Bille seo go dtí Oifig an Ard-Aighne agus chomh fada agus a bhain sé leosan, ní raibh aon deacracht acu leis. Mar sin, tá a fhios ag an Ard-Aigne cad atá sa Bhille. Bhí an Teachta ó Cuív mar Aire agus tuigeann sé go dtéann gach Bille chuig an Ard-Aighne. Níor tháinig aon rud ó Oifig an...
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: Tá lúcháir orm a rá go n-aontaím leis an méid a bhí le rá ag an Teachta. Aontaímíd le chéile ar aon chuma faoin obair fhiúntach agus thairbheach atá déanta ag Rannóg an Aistriúcháin le blianta fada. Ba mhaith liom go mbeadh sé sin ar an gclár agus aontaímíd lena chéile air sin gan...
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: Aontaím go bhfuil fadhb agus oidhreacht ansin agus go gcaithfimid tabhairt faoi na riaráistí agus mar atá ráite agam, tá pleananna á n-ullmhú ag Rannóg an Aistriúcháin chun deileáil leis na riaráistí sin, riaráistí atá againn thar na blianta anuas, ionstraimí reachtúla agus Achtanna. Táim...
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: Tuigim an méid a dúirt an Teachta. Tá pleananna ag Rannóg an Aistriúcháin tabhairt faoi na riaráistí. Nuair atá comhdhlúthú déanta ar fhoireann Rannóg an Aistriúcháin agus foireann an lárionaid aistriúcháin, beidh siad ag obair as lámh a chéile faoin díon amháin agus faoin...
- Houses of the Oireachtas Commission (Amendment) Bill 2012 [Seanad]: Report and Final Stages (31 Jan 2013)
Dinny McGinley: Tá sé ráite ag Rannóg an Aistriúcháin go bhfuil sí chun tabhairt faoi na riaráistí agus ceist riaracháin é sin don rannóg féin.