Advanced search
Most relevant results are first | Show most recent results first | Show use by person

Search only Dinny McGinleySearch all speeches

Results 2,641-2,660 of 3,831 for speaker:Dinny McGinley

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Is cinnte nach bhfuil aon cheist thíos faoin ábhar seo, faoi phearsa ar bith. Ach mar sin féin, ba mhaith liom an oiread seo a rá. Tá aithne agam ar Dhónall Ó Cnáimhsí. Tá a fhios agam go bhfuil sé ag obair agus gur garraíodóir éifeachtach é. Ní raibh a fhios agam gur cuireadh aon litir amach chuige go dtí gur tháinig sé agus gur labhair sé liom. Rinne mé...

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Is ar Údarás na Gaeltachta atá feidhmeanna fiontraíochta sa Ghaeltacht. Nuair a bhéas an Bille reachtaithe leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh na ndualgas sin. Chomh maith leis sin, beidh ról lárnach ag an údarás ins an straitéis 20 bliain agus i bpleanáil na limistéirí pleanála Gaeltachta. Maidir leis na teorainneacha, an uair dheireannach a leagadh síos...

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tá an daonlathas ann ar fud na tíre. Níl mise mar Aire Stáit ach ar feadh bliana agus tuigim nach bhfuil aon ról agamsa nó ag aon Aire sa tír seo cur isteach ar imeachtaí fhoireann na Roinne. Baineann sé sin go huile agus go hiomlán le bainistíocht na Roinne. Nuair a bhéas an Teachta Ó Dochartaigh mar Bhall den Teach chomh fada agus atá mise agus má bhíonn sé d'ábhar a...

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tá an Teachta lán le hypocrisy-----

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Hypocrite.

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Níl meas dá laghad ag an Teachta ar mhuintir na Gaeltachta seachas teacht isteach anseo agus caoineadh ar a son. Rinneamar níos mó ar son na Gaeltachta le 30 bliain anuas ná a dhearna Sinn Féin le 100 bliain. Loit siad agus scrios siad an Ghaeltacht agus chuir siad deireadh le turasóireacht sa Ghaeltacht, agus anois tagann an Teachta Ó Dochartaigh isteach anseo ag caoineadh ar son...

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Ná bí ag teacht isteach anseo ag caoineadh.

Fostaíocht Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Hypocrite den chéad scoth é an Teachta, an hypocrite is mó a tháinig isteach anseo riamh - the biggest hypocrite that ever came down those steps, Piaras Ó Dochartaigh, agus do mhuintir atá i do chuideachta.

Written Answers — Clár Tacaíochta Teaghlaigh: Clár Tacaíochta Teaghlaigh (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Ar an 26 Aibreán 2012, d'fhógair mé an Clár Tacaíochta Teaghlaigh a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Faoin gClár seo, tá mo Roinnse ag tógáil 12 beart ar leith chun tacú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a...

Written Answers — Oideachas Tríú Leibhéal: Oideachas Tríú Leibhéal (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tá maoiniú gur fiú beagnach €7m i bhfoirm cúnaimh reatha agus €1.35m i bhfoirm cúnaimh caipitil curtha ar fáil faoi scéimeanna mo Roinnse le haghaidh oideachais tríú leibhéil sa Ghaeltacht san iomlán ó 2007 i leith. Cuimsítear sa chúnamh seo na hionaid Ghaeltachta ar fad atá faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a fheidhmíonn faoi Ollscoil na hÉireann,...

Written Answers — Oifig an Choimisinéara Teanga: Oifig an Choimisinéara Teanga (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 15 agus 45 le chéile. D'fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go raibh cinneadh tógtha feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go raibh an cinneadh sin le cur i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tógadh an cinneadh sin mar chuid de Phlean Athchóirithe an Rialtais...

Written Answers — Straitéis 20 Bliain: Straitéis 20 Bliain (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 16 agus 27 le chéile. Tá struchtúir ar leith bunaithe chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a sheachadadh agus eagraítear cruinnithe, de réir mar is gá, faoi na struchtúir éagsúla, lena n-áirítear Coiste Rialtais, grúpa oifigeach sinsearach, grúpa idir-Rannach agus grúpaí ardleibhéil. Maidir leis an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an...

Written Answers — Scéimeanna Teanga: Scéimeanna Teanga (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tá trí scéim teanga daingnithe agam faoi fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla go dtí seo i mbliana. Ciallaíonn sé seo go bhfuil 107 scéim teanga san iomlán, a chlúdaíonn 192 comhlacht poiblí, daingnithe ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm. De réir fhorálacha an Achta, tá feidhm ag scéim teanga ar feadh tréimhse trí bliana ón uair a dhaingnítear í nó go...

Written Answers — Acht na dTeangacha Oifigiúla: Acht na dTeangacha Oifigiúla (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Mar thoradh ar phróiseas comhairliúcháin poiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, fuarthas timpeall 1,400 freagra ar shuirbhé maidir le seirbhísí trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí, chomh maith le 260 aighneacht ó hiliomad páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí eile, eagraíochtaí Gaeilge agus...

Written Answers — Maoiniú Scoileanna Gaeltachta: Maoiniú Scoileanna Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Ceadaíodh deontas arbh fhiú €70,000 é d'Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta i mí na Samhna 2011 i leith tréimhse 6 mhí ó Nollaig 2011 go deireadh mí na Bealtaine 2012. Tá €11,898 den deontas sin fós le híoc. Chomh luath is a chuirtear cuntas críochnúil don tréimhse iomlán sin faoi bhráid mo Roinne - ar cuireadh fios air ar an 29 Meitheamh 2012 - beifear in ann gníomhú...

Written Answers — Múnla Nua Maoinithe: Múnla Nua Maoinithe (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Is é Foras na Gaeilge atá i mbun na hoibre a bhaineann le cuíchóiriú a dhéanamh ar a chuid eagraíochtaí bunmhaoinithe. Tá an obair seo ar siúl ag Foras na Gaeilge faoi réir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas. Ag an gcruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar an 9 Iúil 2012, rinne Foras na Gaeilge cur i láthair don Chomhairle inar tugadh léargas ar an dul chun cinn...

Written Answers — Deontais faoi Údarás na Gaeltachta: Deontais faoi Údarás na Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Foilsítear an t-eolas uile atá iarrtha ag an Teachta i dtuarascáil bhliantúil agus cuntais Údaráis na Gaeltachta a leagtar os comhair Thithe an Oireachtais gach bliain.

Written Answers — Comhrar Naíonraí na Gaeltachta: Comhrar Naíonraí na Gaeltachta (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Tá an t-eolas maidir le líon na bpáistí a d'fhreastail ar naíonraí agus ar naíolanna Gaeltachta atá cláraithe le Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo. do na blianta 2008 – 2012 agus an figiúr measta don bhliain 2013 léirithe sna táblaí thíos. Naíonraí 2008 2009 2010 2011 2012 2013 (Meastachán) 930 934 927 934 931 940 Naíolanna 2008 2009 2010 2011 2012...

Seanad: Industrial Development (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Ar dtús, ba mhaith liom a rá go bhfuil an freagra atá agam i nGaeilge, ach cuirfear cóip i mBéarla chuig an Seanadóir maidin amárach.

Seanad: Industrial Development (18 Jul 2012)

Dinny McGinley: Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach as deis a thabhairt dom an t-ábhar seo a thógáil sa Seanad. Tuigtear dom go bhfuil an comhlacht atá lonnaithe sa mhonarcha atá i gceist ag an Seanadóir chun é a thabhairt suas ar 19 lúil 2012. Is monarcha í seo a tógadh i lár na seachtóidí, sula raibh go leor den reachtaíocht atá againn sa lá atá inniu ann maidir le sláinte agus...

   Advanced search
Most relevant results are first | Show most recent results first | Show use by person

Search only Dinny McGinleySearch all speeches