Advanced search
Most relevant results are first | Show most recent results first | Show use by person

Search only Dinny McGinleySearch all speeches

Results 2,341-2,360 of 3,831 for speaker:Dinny McGinley

Written Answers — Céibheanna na nOileán: Céibheanna na nOileán (8 Nov 2011)

Dinny McGinley: Tuigtear do mo Roinn go bhfuil réamh-ullmhúchán á dhéanamh ag Comhairle Contae na Gaillimhe d'iarratas ar chead pleanála don fhorbairt seo ar Ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin.

Written Answers — Scéimeanna Feabhsúcháin Gaeltachta: Scéimeanna Feabhsúcháin Gaeltachta (8 Nov 2011)

Dinny McGinley: Cuireadh €1.3m ar fáil do mo Roinn le caitheamh ar shaoráidí spóirt agus caitheamh aimsire sa Ghaeltacht in 2011 agus táthar sásta gur leor an méid sin le freastal bunúsach a dhéanamh ar na riachtanais atá ann. Tuigtear dom go bhfuil caiteachas de €655,236 déanta faoin scéim go dáta agus go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh éilimh íocaíochta déanta ar an bhfuílleach...

Written Answers — Grant Payments: Grant Payments (16 Nov 2011)

Dinny McGinley: Under Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, my Department provides assistance to Gaeltacht households who accommodate Irish students while attending Gaeltacht Summer Colleges. This helps to reduce the cost for those families who wish to send their children to the Gaeltacht, including those from disadvantaged areas. While my Department does not provide direct financial support to families who...

Written Answers — Harbours and Piers: Harbours and Piers (22 Nov 2011)

Dinny McGinley: As the Deputy will be aware, Galway County Council is the contracting authority on this project. I understand that the construction work is ongoing and, accordingly, the total cost of the project is not yet known. My Department allocated a total grant of €44,092,411 towards the project and to date €42,574,122 of this grant has been paid. Galway County Council contributed €190,000 to...

Leaders' Questions (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Like hell it is.

Oifig an Choimisinéara Teanga (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Teachta Micheál Kitt as an deis seo a fháil labhairt leis an dTeach inniu maidir le cinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman. Ba mhaith liom a bheith an-shoiléir nach bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh. Is é an cinneadh atá tógtha ag an Rialtas go ndéanfar feidhmeanna na...

Oifig an Choimisinéara Teanga (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Tá roinnt eile anseo, ach is dóigh gur féidir é a chur isteach i dTuairisc na Dála.

Oifig an Choimisinéara Teanga (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Go raibh maith agat a Theachta. Ba mhaith liom a rá arís gur é an cinneadh atá déanta ag an pointe seo ag an Rialtas ná comhtháthú agus cónascadh a dhéanamh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman. Níl aon socrú eile déanta ag an pointe seo. Is é an t-aon socrú eile atá déanta, agus bhí sé seo i gclár an Rialtais a d'aontaigh na páirtithe, ná go...

Oifig an Choimisinéara Teanga (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: I dtús báire, ba mhaith liom a dheimhniú don Teachta agus go deimhin don Teach seo nach bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga le dúnadh. Is é an cinneadh atá tógtha ag an Rialtas go ndéanfar feidhmeanna na hoifige sin a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go gcuirfear an cinneadh sin i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá ar siúl...

Oifig an Choimisinéara Teanga (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Tá an-mheas ag an Rialtas ar an obair atá á dhéanamh ag an gCoimisinéar Teanga ó bunaíodh an oifig sé bliana ó shin. Sin ceann des na fáthanna go bhfuair an coimisinéar téarma eile an bhliain seo caite go dtí 2016. Tá an-obair déanta aige agus níl aon locht ar obair an choimisinéara. Ní buille tubaisteach don teanga é. Dúirt an Taoiseach féin, an lá a fógraíodh an...

Oifig an Choimisinéara Teanga (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Ní aontaím leis an Teachta. Tá an coimisinéar neamhspleách. Caithfidh an Teachta a admháil go bhfuil an Ombudsman an-neamhspleách agus stadas an-árd ag Oifig an Ombudsman. Tá achmhainní ins an oifig sin a d'fhéadfaí cur i gcabhar ar Oifig an Choimisinéara Teanga agus bheith ina dtaca dó. Maidir leis an airgead, ní hé buntáistí airgid amháin atá i gceist, cé go bhfuil...

Údarás na Gaeltachta (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Thóg an Rialtas cinntí sonracha polasaí ar an 31 Bealtaine 2011 maidir le struchtúr agus feidhmeanna Údarás na Gaeltachta, lena n-áirítear cinntí chun bord an Údaráis a laghdú go substaintiúil agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis. Tá na dréacht-chinn don Bhille Gaeltachta, a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo, de réir mar is...

Údarás na Gaeltachta (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Beidh reachtaíocht i gceist. Mar a luaigh mé, tá Bille na Gaeilge á ullmhú i láthair na huaire. Tá cinn an Bhille sin réidh le dul faoi bhráid an Rialtais agus tá sé ráite i gclár reachtaíochta an Rialtais go mbeidh an Bille sin ag teacht isteach an bhliain seo chugainn, 2012. Mar atá bord an údaráis faoi láthair, tá 20 duine ar an mbord agus tá síneadh tugtha dóibh....

Údarás na Gaeltachta (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Maidir le acmhainní nó caiteachas caipitil, tá sé sin á phlé, mar is eol don Teachta, i láthair na huaire ag an Rialtas leis an Roinn Airgeadais agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ach tá mise dóchasach. Anuraidh, bhí €6 mhilliún de dheontas caipitil ag Údarás na Gaeltachta agus cúpla bliain roimhe sin €26 mhilliún acu. Bhí titim tubaisteach ann...

Údarás na Gaeltachta (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Thug mé freagra air sin chomh maith ins an chéad freagra.

Údarás na Gaeltachta (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 7, 13 agus 16 le chéile. Tá straitéis fostaíochta Údarás na Gaeltachta dírithe ar earnálacha seirbhíse agus déantúsaíochta nua-aimseartha, ar an teicneolaíocht faisnéise agus ar fhiontair a bhaineann le hacmhainní mara agus nádúrtha eile, leis an ngeilleagar sóisialta agus leis an turasóireacht chultúrtha sa Ghaeltacht. Ag deireadh na bliana...

Údarás na Gaeltachta (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Is cinnte go n-aithním tábhacht na Gaeltachta mar thobar na fíor-Ghaeilge agus an dhúchais. Nuair a bhí deis agus pribhléid agam cuairt a tabhairt ar Ghaeltacht atá i ndáilcheantar an Teachta féin seachtain ó shin - bhí searmanas aoibheann againn i Rath Carn - chuir mé mo thuairimí ní amháin mar Aire Stáit ach mar dhuine a rugadh agus a tógadh le Gaeilge in iúl gur...

Údarás na Gaeltachta (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Luaigh an Teachta Gaillimh. Ó ceapadh mar Aire Stáit mé, thug mé cuairt ar na Gaeltachtaí uilig. Chuaigh mé go Gaillimh níos mó na uair amháin, go Corcaigh, go Ciarraí, go Port Láirge, go dtí Gaeltacht na Mí agus an tseachtain seo chugainn beidh mé i gceantar Gaeltachta an-tábhachtach eile i gContae Mhaigh Eo le heolas a fháil ar cad é atá ag dul ar aghaidh ar an talamh....

Údarás na Gaeltachta (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Sheas mé i gcónaí agus seasfaidh mé chomh fada agus atá mé anseo agus ina dhiaidh sin, leis an Ghaeilge, leis an Ghaeltacht, leis an Údarás agus leis na heagraíochtaí ar fad. Bhí mé féin páirteach iontu nuair nach raibh mé anseo fiú. Maidir leis an údarás tionsclaíochta, dúirt an Teachta go bhfuil sé ag tabhairt airgid amach do Shannon Development agus áiteanna eile....

Ealaín na Gaeltachta (24 Nov 2011)

Dinny McGinley: Is fochuideachta de chuid Údarás na Gaeltachta é Ealaín (na Gaeltachta) Teo, a chuireann forbairt na n-ealaíon comhaimseartha agus traidisiúnta chun cinn i gceantair Ghaeltachta. Is é Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon a dhéanann an fhochuideachta a chómhaoiniú. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil maoiniú iomlán de €820,000 curtha ar fáil d'Ealaín (na...

   Advanced search
Most relevant results are first | Show most recent results first | Show use by person

Search only Dinny McGinleySearch all speeches