Results 23,101-23,120 of 28,255 for speaker:Éamon Ó Cuív
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (15 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Aontaím leis an Teachta Ó Snodaigh maidir le leasú Uimh. 189. Tá go leor cásanna anois ina bhfuil dreamanna áirithe ag feidhmiú thar ceann an Stáit ag cur seirbhísí poiblí ar fáil. Is seirbhísí poiblí iad. Ní comhlachtaí poiblí per seiad go leor de na heagrais seo. Táim ag caint faoi...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (15 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Faraor géar ach tá mé píosa fada thart sa Teach seo. Chuile uair a scríobhtar i reachtaíocht go bhféadfadh an tAire rialachán a dhéanamh, nó sa chás seo go bhféadfadh an tAire caighdeáin a leagan síos, bíonn an argóint ceannann céanna ann idir "The Minister shall" and "The Minister may" mar atá i...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (15 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Fós féin, abair go raibh "Déanfaidh" ann, a dhéanfadh mionchaighdeán amháin a leagan síos, an mbeadh an Teachta sásta? Ní bheadh. Bheadh sé ag rá go bfhuil go leor caighdeáin le leagan síos do go leor dreamanna trasna an bhoird. Tá an Teachta ag dul ag braith ar Aire agus ar Rialtas, agus b'fhéidir gur Sinn...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (15 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Bhí sé spéisiúil gur luaigh an Teachta Ó Snodaigh an cheist a bhí ann fadó faoin mbreac-Ghaeltacht agus an fíor-Ghaeltacht, mar sin díreach an rud a bhí mé ag tagairt dó ar maidin. Bhí an leagan nua de sin sa staidéar teangeolaíochta agus tá eolas cruinn go maith againn ar an ábhar seo ó na...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (15 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Déanann leasú Uimh. 207 tagairt do limistéir phleanála teanga Ghaeltachta. Nach bhfuil an leasú sin á phlé againn, ós rud é go bhfuil sé idir leasú Uimh. 201 agus leasú Uimh. 208?
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (15 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Sin ceann de na leasuithe atá thíos-----
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (15 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: -----agus thagair an Teachta Ó Snodaigh do cheist na nGaeltachtaí agus na breac-Ghaeltachtaí.
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (16 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Ceann de na botúin mhóra a rinne an Rialtas roimh an Rialtas deireadh ná fáil réidh leis an gCoimisiún Logainmneacha. Téann stair an choimisiúin siar i bhfad agus bhí saineolaithe ag tabhairt a gcuid ama in aisce ar an gcoimisiún. Ní hé go raibh aon chostas leis seo ach bhí an Rialtas sin ag iarraidh a bheith in ann a rá...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (16 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an méid a dúirt an tAire Stáit. Ba cheart go mbeadh sé luaite san Acht agus beidh mé ag tnúth leis an leasú sin a fheiceáil. Caithfidh mé a rá, ó thaobh na staire de, b'fhearr liom é dá mbeadh coimisiún ann, fiú más coimisiún neamhreachtúil a bheadh ann, seachas...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (16 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Mar is eol don Aire Stáit, bhí mise glan in aghaidh an chinnte a rinneadh deireadh a chur leis na toghcháin. Tá leasú áirithe ag teastáil ar an gcaoi go dtoghtar daoine agus caithfear déanamh cinnte go mbeidh Gaeilge den scoth ag chuile dhuine a bheas ar bhord an údaráis ach ní mór é a thabhairt ar ais don phobal. I chuile...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (16 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Glacaim leis nach féidir glacadh leis an leasú anseo ach tá ceist ollmhór i gceist. Mar dhuine a thóg cás in aghaidh Chomhairle Contae na Gaillimhe fadó agus a ghnóthaigh, bhí an fhianaise ar fad a thug mise i nGaeilge. Bhí ateangaire ann ach ní raibh aon Ghaeilge ag an mbreitheamh. Lena cheart a thabhairt don bhreitheamh, mar is...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (16 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Arís, fáiltím roimhe seo. Tá sé an-dearfach. Creidim féin i gcás na Gaeltachta agus an cineál caighdeán Gaeltachta atá ann. Bhí muid ag caint faoi Ghaeltachtaí éagsúla inné agus gur cheart go mbeadh na sráidainmneacha nua nó ainmneacha na n-eastát ar fad i nGaeilge. Tréaslaím le muintir na...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (16 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Tairgim leasú Uimh. 297: I leathanach 33, idir línte 16 agus 17, an méid seo a leanas a chur isteach: “Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht 10.Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, i mír 1, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2): “(2A) aon...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (16 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Bheadh sé an-tarraingteach dá gcuirfí an leasú seo i bhfeidhm. Chinnteodh sé go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag chuile gharda sa trí stáisiún atá ann anois i gcathair na Gaillimhe. Ba réabhlóideach an t-athrú é sin ach níl mé cinnte gur sin a bhí i gceist. Arís, táimid tagtha ar ais ag an rud a...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (16 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Níl aon rud a dhéanann dochar don Ghaeilge ar nós rudaí a chur tríd gan machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i gceist agus cé acu atá sé indéanta nó nach bhfuil leis na hacmhainní teanga atá ar fáil faoi láthair. Ní féidir liom ach breathnú ar leasú Uimh. 302 mar atá sé. Moltar sa leasú:...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (16 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Tá mé an-bháúil don smaoineamh seo, ach ní mar atá sé sa leasú seo. Níl aon amhras faoi ach go gcaithfimid, luath nó mall, aghaidh a thabhairt ar an easpa coibhnis idir an t-airgead a chaitear ar chraoladh trí Bhéarla agus ar chraoladh trí Ghaeilge. Tá sé ráite go minic agam go bhfuil TG4 agus Raidió na...
- Select Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community: Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019: Céim an Choiste (Atógáil) (16 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach, leis na hoifigigh agus le hoifigigh na Roinne. Gabhaim buíochas freisin leis an Aire Stáit. Deirtear gur tús maith leath na hoibre agus nílimid ach leathbhealach tríd seo agus tá go leor le déanamh. Bhí plé réalaíoch agus scrúdaíodh chuile rud a bhí molta go mion....
- Joint Oireachtas Committee on Social Protection: Rural Development Strategy: Engagement with Minister for Rural and Community Development (20 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: I thank the Minister for announcing this evening, at last, that Inis Oirr has been given the approval that was sought. This is a good day. It is a great day for the island. However, planning permission for the development in question was given in 2008. I am delighted the Minister has eventually managed to get the thing on her desk and sanction it and I look forward to the pier going into...
- Joint Oireachtas Committee on Social Protection: Rural Development Strategy: Engagement with Minister for Rural and Community Development (20 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: May I ask just one final question? There was talk about the closure of Bank of Ireland branches. Bank of Ireland is a commercial operation, so I will not try to change the minds of those who run it. The solution is under our noses. It is not necessarily the post office; it is the credit union. It is a matter of giving full banking capability to credit unions in respect of mortgage...
- Joint Oireachtas Committee on Social Protection: Rural Development Strategy: Engagement with Minister for Rural and Community Development (20 Apr 2021)
Éamon Ó Cuív: Yes, but there are many people in rural Ireland.