Dáil debates

Thursday, 27 November 2025

Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation

 

6:25 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Bhí sé geallta go dtabharfaí cumhachtaí nua d’Údarás na Gaeltachta. Bhí sé geallta ó 2021 go bhfoilseofaí treoirlínte pleanála do thithe sa Ghaeltacht chomh maith. Dúradh linn ag an am go raibh na treoirlínte sin beagnach réidh, ach fós níl siad ann. Níl ceachtar de na gealltanais sin comhlíonta agus tá muintir na Gaeltachta thíos leis dá bharr gan tithíocht do lánúineacha nó clainne nua. Cén fáth ar gá dúinn fanacht go dtí 2027 ar ráiteas náisiúnta phleanáil Ghaeltachta? Cén uair a bheas Céim na Tuarascála don Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 againn? An mbeidh cumhachtaí breise aige maidir le ceist na tithíochta sna Gaeltachtaí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.