Dáil debates
Tuesday, 18 November 2025
Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate
Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta
11:15 am
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Tá fadhb bhunúsach leis an bhfreagra a thug an tAire Stáit. Ní scoil DEIS í. Níl stádas DEIS ag an scoil seo mar bunaíodh í tar éis an dáta. Is í sin an fhadhb bhunúsach. Ní féidir leis an scoil an t-airgead, an maoiniú ná na hacmhainní breise a fháil toisc nach bhfuil aon bhealach aici an stádas seo a bhaint amach in ainneoin go bhfuil sí ag cloí le beagnach gach uile chuid. Tá beagnach 25% de na páistí ag teacht ó IPAS nó ó chlanna nach bhfuil dídean acu. Tá 40% ag brath ar leas sóisialta. Tá fadhbanna bunúsacha ann ó thaobh an chur chuige sin. Chomh maith leis sin, tá naonúr as an 55 páiste atá ag freastal ar an scoil sin i ranganna speisialta. Tá gá díriú isteach ar na fadhbanna breise. Níl an scoil ag lorg go mbeadh aon stádas breise aici anuas ar cad atá ag scoileanna cosúil léi. Tá sí ag lorg go mbeadh bealach éigin aici stádas eisceachtúil a fháil a thugann aitheantas di. Dá mbeadh an scéim DEIS oscailte di, bheadh sé sin á fháil di. Dá mbeadh sé sin aici, bheadh sí in ann acmhainní breise a fháil, acmhainní múinteoireachta agus acmhainní breise chun díriú isteach ar fhadhbanna bunúsacha san áireamh. Mar a dúirt mé, tá an scoil lonnaithe i gceantar atá ag fás ach is ceantar é ina raibh fadhbanna bunúsacha ann le déanaí de bharr na gcíréibeacha dírithe ar an ionad IPAS in Iarthar na Cathrach. Tá roinnt de na páistí ag teacht ón ionad sin chun dul ar scoil.
Tá an scoil seo ag déanamh éacht ag cuidiú leo siúd agus leis na páistí eile sa cheantar. Tugann sí aitheantas don Roinn ó thaobh na scoile nua a bheidh aici an bhliain seo chugainn agus an méid atá faighte aici go dtí seo ach níl an Roinn ag déileáil léi ar chomhchéim le scoileanna eile toisc gur bunaíodh í tar éis an dáta ar dhún an córas DEIS.
No comments