Dáil debates

Tuesday, 18 November 2025

Saincheisteanna Tráthúla - Topical Issue Debate

Scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

11:15 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)

Baineann an cheist atá agam leis an ngá le tacaíocht bhreise a thabhairt do Ghaelscoil Lir i mBaile Átha Cliath 24. Is ceist phráinneach í seo toisc an ualaigh mhillteanaigh atá ar an scoil bheag seo, ar fhoireann na scoile agus ar thuismitheoirí agus pobal na scoile, atá faoi stró as cuimse. Níl aitheantas tugtha do na dúshláin atá rompu agus níl na hacmhainní ná an cúnamh cuí chun tabhairt faoi na fadhbanna ná na baic bhunúsacha atá ar an scoil seo á thabhairt. Tá éacht á dhéanamh ag an bpríomhoide, Clíona Ní Dhúill, agus ag an bhfoireann atá aici. Tá ár mbuíochas tuillte acu. Níl aon duine ag lorg tacaíocht nach bhfuil ann do scoileanna cosúil le Gaelscoil Lir.

D'oscail Gaelscoil Lir a doirse i Meán Fómhair 2021 chun freastal ar phobal Iarthar na Cathrach, Theach Sagard agus an Caisleán Nua. Is Gaelscoil chomhoideachasúil, ilchreidmheach agus ionchuimsitheach faoi phátrúnacht an Fhoras Pátrúnachta í a chuireann fáilte roimh chách. Bhí 15 páiste ann an chéad bhliain agus tá 55 páiste ag freastal ar an scoil anois. Beidh siad ag bogadh isteach i bhfoirgneamh nua buan an t-earrach seo chugainn. Mar aon le chuile bhunscoil eile, tá sonas, sábháilteacht agus folláin na ndaltaí ag croílár gach a ndéantar sa scoil. Chomh maith leis sin, toisc gur Gaelscoil í, tá grá don teanga agus don chultúr Gaelach á fhorbairt i measc na bpáistí. Ní féidir é sin a dhéanamh gan tacaíocht ón Roinn oideachais ná aitheantas uaithi ar na deacrachtaí ar leith atá ag an scoil seo agus í ag triail a gcúraimí a chothú go hoideachasúil.

Tá éagsúlacht mhór i measc phobal na scoile seo idir pháistí néara-éagsúla atá ag freastal ar an dá rang uathachais atá ag an scoil agus pháistí ó thíortha eile atá cláraithe inti. Tá 25% de pháistí na scoile ina gcónaí i gcóiríocht shealadach idir pháistí gan dídean agus pháistí gur iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta iad. Tá páistí áitiúla agus páistí ón India, ón Úcráin, ón Afraic agus ó thíortha eile timpeall an domhain sa scoil agus tá leibhéal ard míbhuntáiste le sonrú i measc phobal na scoile seo. Tá an Ghaeilge agus an Béarla mar theangacha breise ag céatadán suntasach páistí sa scoil seo ach níl stádas DEIS ag an scoil toisc gur bunaíodh í i ndiaidh spriocdháta na Roinne. Dá réir, tá na páistí seo gan iomlán na tacaíochtaí riachtanacha a thagann le scéim na gcúntóirí teanga, atá ar fáil do scoileanna DEIS lánGhaeilge eile. Chomh maith, toisc gur Gaelscoil atá inti ina bhfuil tumoideachas iomlán i bhfeidhm, níl na huaireanta breise atá ar fáil do English as an additional language, EAL, ar fáil do na páistí nach Béarla a chéad teanga mar is i rang a haon a thosaíonn siad ar an mBéarla go foirmiúil. Níl aon aitheantas ar na deacrachtaí ar leith do scata 15 páiste atá ag teacht ón ionad IPAS in Iarthar na Cathrach i gcomhthéacs na gcíréibeacha le déanaí a bhí dírithe orthu siúd atá lonnaithe ansin, na páistí scoile sin atá ag freastal ar Ghaelscoil Lir san áireamh.

Níl aon bhealach leagtha síos le scoil nua na coinníollacha uilig atá ann chun stádas DEIS a bhaint amach a chomhlíonadh. Tá an doras sin dúnta ar an scoil agus cailleann páistí, múinteoirí agus tuismitheoirí na scoile amach ar na hacmhainní foirne, ar home school community liaison, ar mhaoiniú, ar acmhainní breise, ar thacaíochtaí breise liteartha agus uimhearthachta, ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus araile. Ní féidir iad sin a fháil toisc nach scoil DEIS í. Impím ar an Aire nua, an Teachta Hildegarde Naughton, stádas eisceachtúil a bhronnadh ar Ghaelscoil Lir mar aitheantas ar na cúinsí eisceachtúla atá ag an scoil seo. Tá an staid reatha leagtha síos i litir a chuir an scoil chuig an Roinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.