Dáil debates

Tuesday, 14 October 2025

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:55 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South-Central, Fianna Fail)

Tá an-infheistíocht ag dul isteach sna scoileanna, agus ní hamháin sna scoileanna speisialta agus na ranganna speisialta. Tá scoileanna i gcoitinne i gceist freisin. Tá an-infheistíocht ar fad ann. Déanfaidh mé fiosrú leis an Aire maidir leis an scoil seo. Níl an t-eolas agam go mion faoi cad atá ar siúl idir an scoil agus an Roinn nó oifigigh na Roinne ach táim muiníneach go mbeimid in ann dul chun cinn a fheiscint sa togra seo sar i bhfad. Is féidir liom é seo a ardú leis an Aire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.