Dáil debates
Thursday, 18 September 2025
Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation
6:35 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Gabhaim buíochas leis an Teachta Heneghan. Is mór an chaill é do TG4 go bhfuil sé anseo sa Dáil. Tá muid ag iarraidh go mbeidh airgead breise ann, ach caithfear a rá freisin go bhfuil an méid airgid is mó riamh i stair an Stáit á chaitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Tá muid ag iarraidh seasamh le daoine a bhfuil suim acu sa Ghaeltacht agus leo siúd a labhraíonn an Ghaeilge nó a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht le go mbeidh cúrsaí níos fearr. Níl an t-airgead atá á chaitheamh ar TG4 san áireamh sna figiúirí sin. Tá muid ag obair i gcomhthéacs an chéad cáinaisnéise eile.
We are working to increase the budget for the Gaeltacht and Gaeilge activities. I have the support of the Taoiseach, the Tánaiste and our colleagues in government. We have serious ambitions in this Department over the course of the programme for Government. Beidh muid ag obair i gcomhthéacs an chéad cáinaisnéise eile agus clár an Rialtais, an Rialtas a bheidh againn le haghaidh an chéad ceithre bliana eile.
No comments