Dáil debates
Thursday, 10 July 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Scéimeanna Tacaíochta
4:45 am
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Tuigim go mór cé chomh tábhachtach is a bhí scéim na mbóithre áise le haghaidh mhuintir na Gaeltachta. Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht a cheiste fúithi. Mar a bhí luaite sa fhreagra i mí an Mhárta 2025, tá scéim na mbóithre áise curtha ar fionraí le roinnt blianta anuas. Faoin scéim sin, chuirtí airgead ar fáil do na húdaráis áitiúla ar mhaithe le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre cáilithe faoi leith sa Ghaeltacht. Idir an dá linn, bhí agus tá maoiniú ar fáil faoin scéim feabhsaithe áitiúil, nó LIS, de chuid mo Roinne chun cabhrú le húdaráis áitiúla obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar bhóthair neamhphoiblí agus ar bhóithre nach ndéantar cothabháil poiblí orthu sa ghnáthbhealach. Tuigtear dom go gcaithfidh an bóthar i gceist a bheith ag dul chuig árais chónaithe, talamh feirme nó suíomheanna taitneamhacha ar nós locha, aibhneacha nó tránna. Tá breis eolais le fáil ar shuíomh na Roinne.
Tá geallta sa chlár Rialtais nua go dtabharfar scéim na mbóithre áise ar ais. Níl aon mheicníocht chuige sin oibrithe amach go fóill, áfach. Beidh athbhunú na scéime ag brath, dar ndóigh, ar airgead a bheith curtha ar fáil chuige sin do na blianta amach romhainn trí phróiseas na Meastachán. Tuigfidh an Teachta nach bhfuil an idirbheartaíocht maidir le Meastachán 2026 tosaithe go fóill. Beidh plé ar bun idir na páirtithe leasmhara agus mo Roinn maidir leis an gcur chuige is fearr chun an scéim seo a athbhunú. Tuigim cé chomh tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta is atá an scéim sin. Is é an rud is tábhachtaí, áfach, ná go gcabhrófar le bóithre áitiúla sna Gaeltachtaí.
No comments