Dáil debates

Thursday, 10 July 2025

Ceisteanna Eile - Other Questions

Foras na Gaeilge

4:15 am

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)

Is í mo Roinn féin, thar ceann Rialtas na hÉireann, agus an Roinn Pobal ó Thuaidh thar ceann Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann a chómhaoiníonn an Foras Teanga Thuaidh-Theas, ina gcumasctar Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. Cuireann Rialtas na hÉireann 75% den bhuiséad Fhoras na Gaeilge ar fáil go bliantúil agus tagann an 25% eile ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann de réir an chaiteachais a comhaontaíodh nuair a bunaíodh an Foras Teanga Thuaidh-Theas.

Déanann Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas buiséad na n-institiúidí Thuaidh-Theas, lena n-áirítear an Foras Teanga, a fhaomhadh. Bhí mé i mo chathaoirleach ar chruinniú earnáil an fhoras teanga i mí Aibreáin, inar comhaontaíodh pleananna gnó agus buiséid 2025 d'Fhoras na Gaeilge agus do Ghníomhaireacht na hUltaise. Bhuaileamar freisin le cathaoirligh agus príomhfheidhmeannaigh gach gníomhaireachta ag an gcruinniú sin, tar éis dom bualadh le Foras na Gaeilge níos luaithe i mbliana ar mhaithe le plé a dhéanamh ar na dúshláin mhaoinithe os comhair na heagraíochta.

Áirítear sa mhaoiniú comhaontaithe do 2025 íocaíochtaí aonuaire de luach €630,000 ó Rialtas na hÉireann go Foras na Gaeilge maidir le costas pinsin stairiúla, rud a chuirfear ar chumas Fhoras na Gaeilge na ciorruithe a d'fhógair sé níos luaithe i mbliana a chur ar ceal. Cé gur chuir Rialtas na hÉireann méadú maoinithe ar fáil d'Fhoras na Gaeilge ina bhuiséad do 2025, ní mór cómhaoiniú a bheith ar fáil ón Roinn Pobal ó Thuaidh de réir chóimheas an chomhaontú maoinithe sular féidir borradh ar bith a chur faoi bhuiséad na ngníomhaireachtaí. Ina leith sin, tá athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair ag an dá Roinn a thugann urraíocht le socruithe ó thaobh maoinithe a chur ar fáil don Fhoras Teanga. Mar sin féin, ní mór don dá Roinn a thugann urraíocht agus na Ranna airgeadais sna dlínsí teacht ar chomhaontú faoi rudaí áirithe agus a bheith soiléir an féidir é a chur faoi bhráid an CATT.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.